English version here

An Ghaeilge:

Ceol traidisiúnta

An amhránaíocht agus an ceol traidisiúnta

Ceol den scoth


An amhránaíocht agus an ceol traidisiúnta

Tá tóir níos mó ar amhránaíocht agus ar cheol traidisiúnta na hÉireann na laethanta seo ar fud an domhain ná mar a bhí riamh cheana. Tá grúpaí áirithe, leithéidí Altan, Danú agus Lúnasa, ag seinm thar lear go leanúnach agus ag díol na mílte dlúthdhiosca.

Tá cúrsaí athraithe go mór le daichead bliain anuas. Faoi sheascaidí na haoise seo caite, bhí an ceol agus an amhránaíocht (i mBéarla agus i nGaeilge) lag go maith agus stádas íseal acu in Éirinn féin. Chuaigh go leor amhránaithe agus ceoltóirí ar imirce go Sasana agus go dtí na Stáit Aontaithe de bharr go raibh cúrsaí eacnamaíochta go dona ina dtír dhúchais agus is minic a fuair siad deis a gcuid ceoil a thaifeadadh, rud nach dtarlódh dá mba rud é gur fhan siad in Éirinn. Rinne daoine áirithe, leithéidí an Chaptaein Francis O’Neill i Chicago, éacht i réimse an cheoil agus na hamhránaíochta chomh maith agus chinntigh a gcuid iarrachtaí go mbeadh taifead buan ann de cheol a bhí i mbaol a caillte.

Chuaigh an obair fhiúntach a bhí ar bun i Meiriceá i bhfeidhm de réir a chéile ar stíl an cheoil in Éirinn agus ar dhearcadh na ndaoine ina leith.

Ag tús na seascaidí, bhain na Clancy Brothers agus Tommy Makem cáil amach sna Stáit Aontaithe agus d’éirigh leo suim an-mhór a chothú san amhránaíocht, ní hamháin sa tír sin ach ina dtír dhúchais chomh maith. Tháinig na Dubliners chun cinn i dtrátha an ama chéanna agus ina dhiaidh sin leithéidí Sweeney’s Men, The Johnstons (grúpa a raibh Paul Brady mar bhall de) agus Emmet Spiceland (a raibh Donal Lunny páirteach ann). Bhí ceirníní na ngrúpaí sin le cloisteáil go leitheadach agus spreag an cur chuige nua a bhí acu i gcóiriú an cheoil go leor ceoltóirí agus amhránaithe eile.

Thug an ceoltóir Johnny Moynihan an uirlis Ghréagach an basúcaí isteach go hÉirinn ag deireadh na seascaidí, agus thosaigh sé féin, Donal Lunny agus daoine eile ag úsáid na huirlise sin, mar aon le huirlisí eachtrannacha eile, i gceol na tíre seo. Thug sé seo fuinneamh breise don cheol agus mheall go leor daoine le héisteacht leis a bhí ar nós cuma liom faoi roimhe sin.

Sna seachtóidí, lean grúpaí eile orthu ag baint casadh as an gceol, leithéidí Skara Brae, Planxty, The Bothy Band agus Clannad. Faoi thús na n-ochtóidí, áfach, thuig go leor de na ceoltóirí agus de na hamhránaithe nach bhféadfaidís a mbeatha a thabhairt i dtír ag seinm go lánaimseartha agus chaill an athbheochan roinnt mhaith den fhuinneamh a bhain léi sna seachtóidí. Lean The Chieftains orthu ag seinm, i Meiriceá den chuid is mó, agus chuaigh ceoltóirí eile (Donal Lunny, Christy Moore agus Paul Brady, mar shampla) i dtreo an rac-cheoil.

Tá biseach tagtha ar chúrsaí anois arís, áfach. Tá ag éirí thar barr le roinnt grúpaí; seinneann siad os comhair na mílte duine gach bliain agus tá ag éirí leo conradh ceart a fháil ó na comhlachtaí ceoil (smaoinigh ar chonradh Altan le Virgin, cuir i gcás). Tá amhránaithe agus ceoltóirí áirithe a bhaineann casadh as an gceol agus a fhágann a rian láidir féin air agus tá dream eile ann atá níos dílse don traidisiún. Tá an dearcadh ann go forleathan anois gur chóir go mbeadh spás ann don dá dhream, rud atá an-sláintiúil.

Tá an sean-nós láidir fós chomh maith agus glúin nua ag teacht chun cinn a bhfuil bua iontach fonnadóireachta acu (Ciarán Ó Con Cheanainn as an Spidéal, abair, nó Máire Ní Choilm as Gaoth Dobhair). Is minic a cháineann daoine comórtais sean-nóis an Oireachtais ach is cinnte gur chabhraigh siad go mór le caighdeán an cheoil a fheabhsú agus gur mhúscail siad spéis daoine ann.

Tá gach duine a bhfuil suim aige sa cheol agus san amhránaíocht go mór faoi chomaoin ag na ceannródaithe ar fad a bhí ag seinm agus ag canadh le daichead bliain anuas agus acu siúd a rinne a gcion féin roimhe sin le déanamh cinnte go mairfeadh an traidisiún. Murach Clannad, mar shampla, an mbeadh an amhránaíocht Ghaeilge chomh láidir i nDún na nGall is atá anois? Gach seans nach mbeadh.


Barr an leathanaigh


Ceol den scoth

Tá ceol den scoth le fáil ar dlúthdhiosca na laethanta seo. Níl sa liosta thíos ach roinnt moltaí - d’fhéadfaí na scórtha albam eile a lua gan deacracht ar bith.

Altan
Island Angel (Green Linnet, 1993)
Another Sky (Virgin, 2000)

Clannad
Dúlamán (Gael Linn, 1976)
Fuaim (1982; atheisithe ag Atlantic/WEA i 1993)

The Bothy Band
After Hours (Mulligan, 1979; Green Linnet, 1984)
The Best of the Bothy Band (Green Linnet, 1988)

Planxty
Planxty (1972; atheisithe ar Shanachie)
After the Break (Tara, 1979)
The Woman I Loved So Well (Tara, 1980)
Planxty – Live 2004 (2004)

Skara Brae
Skara Brae (Gael Linn 1972/1998)

Nioclás Tóibín
Rinn na nGael (Cló (Iar-Chonnachta)

Lasairfhíona Ní Chonaola
An Raicín Álainn (A lipéad féin, 2002)

Lúnasa
The Merry Sisters of Fate (Green Linnet, 2001)
The Kinnity Sessions (Compass, 2004)

Eoin Dillon
The Third Twin (Kíla Records, 2006)

Cormac Breatnach agus Martin Dunlea
Music for Whistle & Guitar (Dioscai Mandala/Pressure, 2000)



Barr an leathanaigh