English version here

Eagraíochtaí a raibh muid ag comhoibriú leo go dtí seo

 

 

 

Eolas faoi
Oideas Gael

Eolas faoi
Conradh na Gaeilge

Eolas faoi
Fiontar




Oideas Gael
 
Tá Oideas Gael suite i nGleann Cholm Cille i gContae Dhún na nGall. Is in 1984 a bunaíodh é chun foghlaim agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus d'fhonn cultúr na Gaeilge a chothú laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di. I measc aidhmeanna Oideas Gael tá na nithe seo: freastal a dhéanamh ar dhaoine fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú na Gaeilge; cur ar a gcumas páirt a ghlacadh i saol na Gaeltachta agus cuidiú leo an litríocht agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn; ceangal caradais a bhunú idir Gaeil na hÉireann agus a muintir thar lear agus caidreamh idir na Gaeltachtaí a chothú.

Bíonn cúrsaí ar siúl idir mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair agus ag amanna eile den bhliain chomh maith. Gach bliain tagann foghlaimeoirí ó gach cearn den domhan chuig na cúrsaí. Bíonn trí leibhéal ar a laghad i ngach cúrsa agus leanann cúrsa ar feadh seachtaine de ghnáth. Bíonn cúrsaí cultúrtha ar fáil i gceol agus in amhránaíocht thraidisiúnta, damhsa seite, seandálaíocht, siúlóidí sléibhe, fíodóireacht agus péintéireacht.
 
D'eagraigh Sult dhá oíche do dhaoine a d'fhreastail ar chúrsaí Oideas Gael. Bhí dhá ócáid ag Beo! (www.beo.ie), an iris idirlín a fhoilsíonn Oideas Gael, ag Sult chomh maith.

Seoladh: Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
Guthán: (074) 973 0248
Facs: (074) 973 0348
Ríomhphost: oidsgael@iol.ie
Idirlíon: www.oideas-gael.com
     

 

    Barr an leathanaigh


 

Conradh na Gaeilge
 
Eagraíonn Conradh na Gaeilge ranganna Gaeilge a bhfuil eolas fúthu sa rannóg ar fhoghlaim na Gaeilge ar an suíomh seo. Tá siopa leabhar i gceannáras an Chonartha ar Shráid Fhearchair agus tá réimse leathan leabhar Gaeilge ar díol ann. Foilsíonn Clódhanna Teoranta, comhlacht foilsitheoireachta an Chonartha, leabhair Ghaeilge agus iris mhíosúil darb ainm Feasta.

Foilsítear tréimhseachán dátheangach darb ainm CNAG go ráthúil freisin. Is faoi choimirce an Chonartha a reáchtáiltear An tOireachtas, féile náisiúnta na Gaeilge agus Seachtain náisiúnta na Gaeilge chomh maith. Feidhmíonn An Coimisiún le Rincí Gaelacha faoi choimirce an Chonartha freisin agus tá ógeagraíocht ag an gConradh darb ainm Ógras.
D'eagraigh Sult cúpla oíche i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Seoladh: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 475-7401
Facs: (01) 475-7844
Ríomhphost: eolas@cnag.ie
Idirlíon: www.cnag.ie

 

     Barr an leathanaigh


 


FIONTAR

 
Is ionad speisialta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é Fiontar a riarann cláir acadúla trí mheán na Gaeilge. Tá na cláir léinn dírithe ar réimse idirdhisciplíneach, idir ghnó, ríomhaireacht, theanga agus chumarsáid.

Cúrsaí:
B.Sc. in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht
Sa chúrsa seo, dírítear ar chúrsaí ríomhaireachta agus airgeadais, ar fhorbairt fiontraíochta, agus ar líofacht i dteangacha Eorpacha.

M.Sc/Dioplóma do chéimithe i nGnó agus i dTeicneolaíocht an eolais
Cúrsa é seo a chuireann leis an ról ceannródaíoch atá ag FIONTAR san oideachas tríú leibhéal lánGhaeilge. Soláthraíonn sé deis do bhunchéimithe cur leis an taithí leathan atá acu cheana trí shainscileanna gnó agus ríomhaireachta a shealbhú.

Chomh maith leis an BSc agus an MSc soláthraíonn FIONTAR deiseanna i dtimpeallacht Ghaeilge dóibh siúd a bheidh ag déanamh taighde acadúil nó praiticiúil 

Tuilleadh eolais: www.dcu.ie/fiontar
 

 

    Barr an leathanaigh