English version here
An Ghaeilge:
Ócáidí Cultúrtha
agus Sóisialta
Bialanna
Clubanna
Drámaí
Féilte
Cultúrtha
Bialanna
Caife Úna
D’oscail caife nua Gaeilge, Caife Úna, i lár
chathair Bhaile Átha Cliath ar an Luan, 14 Márta
2005. Tá sé suite ag bun Shráid Chill Dara,
díreach trasna ón Alliance Française, in
íoslach Chomhdháil Náisiúnta na
Gaeilge, úinéirí an fhoirgnimh. Bíonn
an caife ar oscailt i rith an lae, Luan go hAoine, agus gach
oíche, Máirt go Satharn, agus is í Úna
Nic Gabhann as Dún na nGall atá ina bhun.
Tá sé mar aidhm ag Caife Úna bia blasta
agus folláin ar ardchaighdeán a chur ar fáil,
bricfeasta, lón agus tae an tráthnóna san
áireamh. Déantar na scónaí, an t-arán
donn baile, na bocairí agus toirtíní úll
go húr sa teach gach lá.
Ba mhaith le hÚna go mbainfeadh eagraíochtaí
Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga
úsáid as mar ionad do chruinnithe, seoltaí
leabhar, dinnéir bhliantúla agus ócáidí
dá leithéid.
Seoladh: Caife Úna, 46 Sráid Chill
Dara, Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 670-6087
Ríomhphost: post@caifeuna.com
Suíomh gréasáin: www.caifeuna.com
barr an leathanaigh
Clubanna
Club Chonradh na Gaeilge
Bíonn ceol traidisiúnta le cloisteáil i
gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile
Átha Cliath 2 go minic, go háirithe oíche
Shathairn. Ní bhíonn sé oscailte ach san
oíche amháin, ó 8.00 p.m.
Eolas: (01) 475-7401 (Conradh na Gaeilge);
(01) 475-1480 (an club féin – san oíche
amháin)
Club an Ghóilín
Is club amhránaíochta dátheangach é
seo a bhíonn ar siúl thuas staighre i dtábhairne
Tom Maye’s, Sráid Freidric Thuaidh gach oíche
Aoine ó 9.30 p.m. le linn na scoilbhliana. Cuirtear tús
leis an tsraith ar an gcéad Aoine de mhí Mheán
Fómhair. Cead isteach: €2
Guthán: (086) 815-0946
Ríomhphost: angoilin@goilin.com
Suíomh gréasáin: www.goilin.com
An Chultúrlann
Is é Cultúrlann na hÉireann i mBaile na
Manach i mBaile Átha Cliath ceannáras Chomhaltas
Ceoltóirí Éireann, cumann na gceoltóirí
traidisiúnta. Tá áisíneacht eolais
chultúrtha san ionad, ionad oiliúna agus oideachais,
leabharlann agus cartlann de taifead don cheol traidisiúnta,
stiúideo taifeadta agus beár ina mbíonn
ceol agus damhsa traidisiúnta go minic. Bíonn
céilí ar siúl san ionad gach oíche
Aoine.
Seoladh: 32 Cearnóg Belgrove, Baile na Manach, Co. Bhaile
Átha Cliath
Guthán: (01) 280-0295
Facs: (01) 280-3759
Ríomhphost: enquiries@comhaltas.com
Suíomh gréasáin: www.comhaltas.com
barr an leathanaigh
Drámaí
Féilte Drámaíochta
Eagraíonn An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta
comórtais agus féilte drámaíochta
ar fud na tíre ag amanna éagsúla den bhliain.
Uaireanta bíonn taispeántas i mBaile Átha
Cliath freisin. Tuilleadh eolais le fáil ag an uimhir
thíos.
Seoladh: Tulach na hÉigse, Camus, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 574146
Facs: (091) 574155
Ríomhphost: eolas@drama-gaeilge.com
Suíomh gréasáin: www.drama-gaeilge.com
barr an leathanaigh
Féilte
An tOireachtas
Féile chultúrtha chomhaimseartha atá san
Oireachtas a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona
traidisiúnta, idir amhránaíocht, cheol,
rince, litríocht, scéalaíocht agus dhrámaíocht.
Is faoi choimirce Chonradh na Gaeilge a reáchtáiltear
an fhéile. Mar aon le comórtais ardáin,
eagraítear rogha leathan d'imeachtaí sainspéise
do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Bíonn
an tOireachtas ar siúl dhá uair sa bhliain: i
mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine agus i gceantar
eile sa tír i mí Dheireadh Fómhair.
Seoladh: Oifig an Oireachtais, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid
Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Guthán: (01) 475-3857
Facs: (01) 475-8767
Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie
Suíomh gréasáin: www.antoireachtas.ie
barr an leathanaigh
Cultúrtha
Cumann Merriman
Bunaíodh Cumann Merriman chun ainm agus saothar Bhriain
Merriman a bhuanú agus, ina theannta sin, chun spéis
a chothú i ngach gné de dhúchas na hÉireann:
an Ghaeilge, an stair, an litríocht agus an ceol. Reáchtáiltear
Scoil Shamhraidh agus Scoil Gheimhridh gach bliain chun na cuspóirí
seo a chur i gcrích.
Guthán: (086) 382-0671
Ríomhphost: eolas@merriman.ie
Suíomh gréasáin: www.merriman.ie
Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy
Is féile bhliantúil í Scoil Gheimhridh
Frankie Kennedy a dhéanann ceiliúradh ar thraidisiún
láidir an cheoil i dTír Chonaill. Bíonn
an fhéile ar siúl ag deireadh mhí na Nollag
i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Bíonn ceolchoirmeacha ar
siúl in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche
agus in Óstán Ghaoth Dobhair, seisiúin
cheoil agus ceardlanna ar uirlisí éagsúla
ceoil, dírithe ar dhaoine óga le cois daoine fásta.
Guthán (074) 953-1639
Ríomhphost: gearoidm@iol.ie
barr an leathanaigh