English version here

An Ghaeilge:

Na Meáin Chumarsáide

Nuachtáin agus Irisí
Teilifís/Raidió


Nuachtáin agus Irisí

The Irish Times
Foilsítear altanna Gaeilge san Irish Times cúpla uair in aghaidh na seachtaine. Is fiú go mór 'An Teanga Bheo' a léamh Dé Máirt mar aon le 'Tuarascáil' Dé Céadaoin. Tá cnuasach de na hailt Ghaeilge a foilsítear sa Times le fáil ar leathanach lín an pháipéir (www.ireland.com), chomh maith le clár plé. Is gá íoc as an tseirbhís seo, áfach.


Comhar

Tá meascán den chritic, den scríbhneoireacht chruthaitheach agus de chúrsaí reatha le fáil san iris mhíosúil seo atá á foilsiú ó na daichidí i leith.
Seoladh: 5 Rae Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 678-5443
Facs: (01) 678-5443
Ríomhphost: eolas@comhar-iris.ie
Suíomh gréasáin: www.comhar-iris.ie


Foinse
Is nuachtán náisiúnta Gaeilge é Foinse a bhíonn ar fáil gach Satharn. Is ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara a fhoilsítear an páipéar. Cuireann Foinse meascán mór scéalta agus nuachta ar fáil go seachtainiúil idir nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta, chursaí reatha, spórt, thaisteal, ghnó, léirmheasanna agus oideachas, ag díriú ar óg agus aosta. Ceann de na haidhmeanna atá ag an nuachtán ná iriseoireacht d'ardchaighdéan a chur ar fáil atá taitneamhach le léamh.
Seoladh: An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 595520
Facs: (091) 595524
Ríomhphost: nuacht@foinse.ie
Suíomh gréasáin: www.foinse.ie


Lá Nua
Nuachtán laethúil atá bunaithe i mBéal Feirste agus a dhíríonn ar chúrsaí reatha agus scéalta atá i mbéal an phobail.
Seoladh: Teach Basil, 2 Cnoc Bhaile Haine, Béal Feirste BT17 0LT
Guthán: (048) 90 605050
Facs: (048) 90 605544
Ríomhphost: eolas@nuacht.com
Suíomh gréasáin: www.nuacht.com


Saol
Nuachtán míosúil atá saor in aisce ina bhfuil fógraí, leathanach d'fhoghlaimeoirí, pictiúir, scéalta, srl.
Seoladh: Saol, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 639-8400
Ríomhphost: otorna@indigo.ie
Suíomh gréasáin: www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/saol.html


An tEolaí
Iris do dhaltaí meánscoile a bhfoilsítear ailt ann faoin eolaíocht agus faoin teicneolaíocht i nGaeilge. Tá an iris seo saor in aisce.
Seoladh: An Dr Matt Hussey, Stiúrthóir Dhámh na hEolaíochta, DIT, Sráid Chaoimhín, Baile Átha Cliath 8.
Ríomhphost: matt.hussey@dit.ie
Suíomh gréasáin: www.smo.uhi.ac.uk/~smacsuib/eolai

 Barr an leathanaigh


Teilifís/Raidió

RTÉ Raidió na Gaeltachta
Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair ag 3pm, Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972.

Sna blianta tosaigh ní chraoltaí ach cúpla uair an chloig gach tráthnóna agus é sin féin sna ceantair Ghaeltachta amháin, ach de réir a chéile tháinig fás agus forbairt ar an gcraoladh agus ar réimse chláracha na seirbhíse.

Ón 1 Deireadh Fómhair 2001, tá Raidió na Gaeltachta ag craoladh 24 uair an chloig in aghaidh an lae le raon leathan de chláracha nuachta agus cúrsaí reatha, irischláracha, cláracha ceoil de gach cineál, spórt, díospóireachtaí agus siamsaíocht.

De réir thorthaí suirbhé a d'fhógair an MRBI in Aibreán 2001, tá méadú beagnach 10% ar líon éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé ráite go soiléir ag pobal éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta sa suirbhé céanna gurb iad na príomhchúiseanna go n-éisteann siad leis an stáisiún ná cláracha ar ardchaighdeán a bheith á gcraoladh, seirbhís an-mhaith nuachta, an clúdach a dhéantar ar imeachtaí áitiúla agus cúrsaí ceoil, gan dabht. Deir siad freisin gur seirbhís éagsúil uilig í ó mheáin chumarsáide eile na tíre, a bhfuil a bhformhór dírithe ar Bhaile Átha Cliath. "Is iontach an tréimhse é seo do RTÉ Raidió na Gaeltachta, dár gcraoltóireacht raidió agus dár gcraoltóireacht idirlín chomh maith," a deir Tomás Mac Con Iomaire, Ceannaire Raidió na Gaeltachta.

Seoladh beoshruth RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an idirlíon i mí Bealtaine 2000 [www.rte.ie/rnag& www.rte.ie] agus níl a fhios cén tóir atá ag éisteoirí thar lear ar an tseirbhís, ón Astráil go Meiriceá Thuaidh agus ó Mhoscó go dtí an Eastóin.

Bíonn fáil freisin ar 4 stáisiún raidió RTÉ ar chóras digiteach Sky faoin Music & Radio Category ar an Innéacs Teilifíse (Sky TV Guide Index). Tá fáil ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta ag cainéal 916.

Ag breathnú siar ar an 30 bliain agus os a chionn atá slánaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, is féidir roinnt mhaith ceannródaíochta a shonrú -

  • Tuairisceoirí nuachta ag an stáisiún ar fud an domhain
  • Duaiseanna agus gradaim as scoth na craoltóireachta bainte amach ag baill foirne: Gradaim Jacobs, Gradaim Oireachtais, Gradaim ón bhFéile Cheilteach Scannán & Teilifíse
  • Dlúthdhioscaí ceoil, litríochta &rl. foilsithe
  • Tionscnamh sraith léachtaí
  • An Ródaí - stiúideo taistil an stáisiúin

Sna mórcheantair Ghaeltachta atá stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta lonnaithe - Casla, Conamara; Doirí Beaga, Tír Chonaill agus Baile na nGall, Corca Dhuibhne. Chomh maith leo sin tá stiúideo agus foireann ag an tseirbhís i mBaile Átha Cliath (RTÉ) agus i gCaisleán an Bharraigh, Maigh Eo.

Forbairt eile atá déanta le gairid ná nasc ISDN a bhunú sna pobail Ghaeltachta i Ráth Cairn na Mí, i bParóiste na Dromad, Uíbh Ráthach agus sa Rinn, Co. Phort Láirge. Baintear úsáid rialta freisin as stiúideonna RTÉ i gcathracha agus i mbailte móra na tíre, go háirithe Gaillimh, Luimneach, Béal Feirste, Sligeach, Port Láirge agus Doire.

Idir bhaill foirne, oibrithe ar conradh agus oibrithe páirtaimseartha, tá breis agus ochtó duine ag obair don stáisiún agus tá a bhformhór lonnaithe sa cheanncheathrú i gCasla.

Cuid de sheirbhís chraolta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga oibre agus teanga chraoltóireachta na seirbhíse. Seoladh: Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 506677
Facs: (091) 506666
Ríomhphost: rnag@rte.ie
Suíomh gréasáin: www.rte.ie/rnag


Raidió na Life 106.4 FM
Is é Raidió na Life an chéad stáisiún neamhspléach raidió sa tír a chraolann go hiomlán as Gaeilge. Stáisiún pobail do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath atá ann agus thosaigh sé ag craoladh ar bhonn leanúnach den chéad uair i Meán Fómhair na bliana 1993. Is é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, a bunaíodh i 1989, atá i mbun Raidió na Life. Feidhmíonn an stáisiún faoi cheadúnas sainspéise pobail ón gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspléach. Craolann Raidió na Life 106.4 fm seacht lá na seachtaine agus gach lá den bhliain. Ó Luan go Déardaoin tosaíonn cláracha an stáisiúin leis 'An Meangadh Mór' ag 16:30, agus leanann an craoladh ar aghaidh go dtí 8 ar maidin. Ar an Aoine, bíonn an stáisiún ar an aer ó 15:30 tráthnona go dtí 8 ar maidin. Ag an deireadh seachtaine, tosaíonn an craoladh ag meánlae agus críochnaíonn sé arís ag a 8 ar maidin.

Taobh amuigh de bhainisteoir lánaimseartha, taighdeoir agus teicneoir fuaime, is ar bhonn deonach a bhíonn gach duine eile páirteach sa stáisiún. In imeacht aon seachtaine amháin bíonn ceithre scór duine, idir láithreoirí, léiritheoirí, thuairisceoirí, thaighdeoirí agus eile bainteach le feidhmiú an chlársceidil. Craoltar réimse an-leathan cláracha ar Raidió na Life: cláracha eolais, nuachta, cúrsaí reatha, pobail, irischláracha, cláracha sainspéise agus ceol ó gach cearn den domhan.

Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 661-6333
Facs: (01) 676-3966
Ríomhphost: eolas@rnl106.com
Suíomh gréasáin: www.rnl106.com

Obair dheonach
Bíonn Raidió na Life i gcónaí breá sásta cloisteáil ó dhaoine a bhfuil suim acu obair dheonach a dhéanamh leis an staisiún agus taithí a fháil ar réimsí éagsúla den chraoltóireacht, mar shampla, taighde, cur i láthair cláracha, léiriú cláracha, agus scileanna teicniúla. Ba i Raidió na Life a thosaigh roinnt craoltóirí atá i mbéal an phobail anois, ina measc Eoghan Ó Raghallaigh agus Sharon Ní Bheoláin atá anois ag obair i seomra nuachta RTÉ. Tuilleadh eolais ó bhainisteoir an stáisiúin ag an uimhir thuas.


TG4
Is é TG4 an stáisiún náisiúnta teilifíse Gaeilge. Tháinig sé ar an aer i mí Dheireadh Fómhair 1996. Tionscadal stáit é a bhfuil tacaíocht aige ó gach páirtí polaitiúil. Faightear cláracha ón earnáil léirithe neamhspleách agus ó RTÉ. Tá ceanncheathrú TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara.

Cuireann TG4 sceideal cuimsitheach cláracha Gaeilge ar fáil a bhfuil gradaim bainte amach acu (a seirbhís laethúil nuachta féin san áireamh) agus an bhéim ar ábhar ón nua. Craolann an stáisiún ceithre uair an chloig go leith de sceideal laethúil cláracha Gaeilge faoi láthair.

Chuir TG4 níos mó ná 100% leis an lucht féachana sa chéad bhliain ar an aer. Faoi Aibreán 1998 bhí an stáisiún ag mealladh 340,000 de lucht féachana sa lá. Is iad siúd a úsáideann an Ghaeilge gach lá agus iad siúd a bhfuil eolas acu ar an teanga croílár lucht féachana TG4. Tá timpeall is 74% de theilifíseáin na hÉireann tiúnáilte leis an stáisiún a fháil. Tá TG4 cheana féin ag mealladh sciar níos mó den lucht féachana ná cainéil bhunaithe eile ar nós Sky News, Eurosport, MTV, agus NBC Super.

Tá an chuid is mó de na 300 post a choinníonn TG4 ag imeacht i gcomhlachtaí léirithe neamhspleácha agus i gcomhlachtaí iarléirithe. Tá an chuid is mó de na poist sin i dtionscnaimh bheaga nó i bhfiontair phríobháideacha nach bhfuil chomh beag sin atá lonnaithe i bpobail thuaithe, cuid mhór acu i gceantair Ghaeltachta.

Seoladh: TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 505050
Facs: (091) 505021
Ríomhphost: eolas@tnag.ie
Suíomh gréasáin: www.tg4.ie

 Barr an leathanaigh