English version here
An Ghaeilge:
Eolaire
Le fáil thíos tá seoltaí,
uimhreacha gutháin/facs, seoltaí ríomhphoist
agus suímh ghréasáin úsáideacha.
An Chomhdháil Cheilteach
An Chrannóg
An Chultúrlann
An Comhchoiste Réamhscolaíochta
An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta
An Díseart
An Fáinne Órga
An Siopa Leabhar
An tEolaí
An tEolaire
An tOireachtas
Áras Chrónáin
Áras Mháirtín Uí
Chadhain
Beo!
Caife Úna
Cló Iar-Chonnachta
Club an Ghóilín
Cois Life
Conradh na Gaeilge
Comhar
Comharchumann Ráth Cairn
Comhdháil Náisiúnta na
Gaeilge
Comhluadar
Cumann Merriman
Cúpla Focal
Dáil Uladh
EGT
Feasta
Fios Feasa
Foinse
Foras na Gaeilge
Gaeilge ar an Ghréasán
Gaelic-L agus Gaelic-B
Gaelchultúr
Gael Linn
Gaelport
Gaelsaoire
Gaelscoileanna
Glór na nGael
Intercelt
Lá Nua
Litríocht.com
Oideas Gael
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Raidió na Life
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Saol
TG4
An Chomhdháil Cheilteach
Bunaíodh an Comhdháil Cheilteach chun teangacha
agus cultúir na dtíortha Ceilteacha a chur chun
cinn, chun eolas a scaipeadh ina dtaobh, agus chun deis a
thabhairt do mhuintir na dtíortha sin taitneamh a bhaint
as comhluadar a chéile. Eagraítear Comhdháil
Idirnáisiúnta uair sa bhliain chun na haidhmeanna
sin a chur i gcrích.
Eolas: www.egt.ie/celtcong
Barr an leathanaigh
An Chrannóg
Lárionad do shealbhú agus do bhuanú
na Gaeilge i nGaoth Dobhair é An Chrannóg
atá mar chuid d’Ollscoil na hÉireann
Gaillimh. Is iad an dá aidhm atá ag an Chrannóg
ná an Ghaeilge a mhúineadh d'fhoghlaimeoirí,
agus í a neartú agus a bhuanú i measc
chainteoirí dúchais Ghaoth Dobhair. Bíonn
dianchúrsaí agus cúrsaí oíche
Gaeilge ar siúl go rialta ann chomh maith le himeachtaí
cultúrtha.
Seoladh: Srath na Corcra, Na Doirí Beaga, Leitir
Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Guthán: (074) 953 2208
Facs: (074) 953 2189
Ríomhphost: eolas@crannog.iol.ie
Suíomh gréasáin: www.crannog.ie
Barr an leathanaigh
An Chultúrlann
Is é Cultúrlann na hÉireann an lárionad
atá ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann,
eagraíocht na gceoltóirí traidisiúnta.
Tá ionad traenála agus oideachais, leabharlann,
cartlann de cheol traidisiúnta, stiúideo taifeadta
agus beár ina gcloistear seisiúin cheoil sa
Chultúrlann. Bíonn céilí ar siúl
ansin gach oíche Aoine.
Seoladh: 32 Cearnóg Belgrove, Baile na Manach, Co.
Bhaile Átha Cliath
Guthán: (01) 280-0295
Facs: (01) 280-3759
Ríomhphost:
enquiries@comhaltas.com
Suíomh gréasáin:
www.comhaltas.com
Barr an leathanaigh
An Comhchoiste Réamhscolaíochta
Faigheann an Comhchoiste tacaíocht airgid ón
stát agus tá sé mar chúram air
traenáil agus acmhainní a chur ar fáil
do ghrúpaí réamhscolaíochta.
Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 639-8441 nó (01) 639-8442
Facs: (01) 639-8401
Ríomhphost:
comhchoiste@eircom.net
Suíomh gréasáin:
www.iol.ie/~foc/page32.html
Barr an leathanaigh
An Comhlachas Náisiúnta
Drámaíochta
Eagraíonn An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta
comórtais agus féilte drámaíochta
ar fud na tíre ag amanna éagsúla den
bhliain agus bíonn taispeántas ar siúl
i mBaile Átha Cliath uaireanta freisin.
Seoladh: Tulach na hÉigse, Camus, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 574146
Facs: (091) 574155
Ríomhphost: eolas@drama-gaeilge.com
Suíomh gréasáin: www.drama-gaeilge.com
Barr an leathanaigh
An Díseart
Is ionad cultúrtha Ceilteach é an Díseart
i mbaile an Daingin i gContae Chiarraí. Cuirtear cúrsaí
ar fáil ann i staidéar Éireannach agus
Ceilteach, i ndiagacht, i spioradáltacht, i gcultúr
agus in ealaín. Bíonn cúrsaí ann
freisin i ndealbhóireacht, i mbéaloideas agus
i stair na háite.
Seoladh: An Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí
Guthán: (066) 915 2476
Facs: (066) 915 2481
Ríomhphost:
info@diseart.ie
Suíomh gréasáin:
www.diseart.ie
Barr an leathanaigh
An Fáinne Órga
Tá liosta de nascanna chuig suímh ghréasáin
Ghaeilge le fáil ar an suíomh seo, an chéad
fháinne gréasáin lán-Ghaeilge.
Tá ballraíocht san Fháinne Órga
oscailte do gach leathanach gréasáin lán-Ghaeilge,
is cuma cén t-ábhar lena mbaineann sé.
http://www.fainne.org
Barr an leathanaigh
An Siopa Leabhar
Is le Conradh na Gaeilge an siopa seo atá ar Shráid
Fhearchair. Tá raon leathan leabhar le ceannach ann
agus is féidir iad a ordú ar an suíomh
idirlín freisin.
Seoladh: An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, Baile
Átha Cliath 2
Guthán: (01) 478-3814
Facs: (01) 478-5428
Ríomhphoist:
ansiopaleabhar@eircom.net
Suíomh gréasáin:
www.evertype.com/siopa6
Barr an leathanaigh
An tEolaí
Iris do dhaltaí meánscoile a bhfoilsítear
ailt ann faoin eolaíocht agus faoin teicneolaíocht
i nGaeilge.
Seoladh: An Dr Matt Hussey, Stiúrthóir Dhámh
na hEolaíochta, DIT, Sráid Chaoimhín, Baile
Átha Cliath 8.
Ríomhphost:
matt.hussey@dit.ie
Suíomh gréasáin:
www.smo.uhi.ac.uk/~smacsuib/eolai
Barr an leathanaigh
An tEolaire
Leathanaigh bhuí na Gaeilge.
http://www.egt.ie/lghlin/eolaire.html
Barr an leathanaigh
An tOireachtas
Féile chultúrtha chomhaimseartha atá san
Oireachtas a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona
traidisiúnta, idir amhránaíocht, cheol,
rince, litríocht, scéalaíocht agus dhrámaíocht.
Is faoi choimirce Chonradh na Gaeilge a reáchtáiltear
an fhéile. Mar aon le comórtais ardáin,
eagraítear rogha leathan d'imeachtaí sainspéise
do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Bíonn
an tOireachtas ar siúl dhá uair sa bhliain: i
mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine agus i gceantar
eile sa tír i mí Dheireadh Fómhair.
Seoladh: Oifig an Oireachtais, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid
Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Guthán: (01) 475-3857
Facs: (01) 475-8767
Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie
Suíomh gréasáin: www.antoireachtas.ie
Barr an leathanaigh
Áras Chrónáin
Bíonn ranganna Gaeilge ag cúig leibhéal
éagsúla ar siúl in Áras Chrónáin
i gCluain Dolcáin i rith na bliana. I measc na seirbhísí
eile atá ar fáil san ionad tá ciorcail
chomhrá; seisiúin cheoil agus seirbhís
chomhairleach dóibh siúd ar mian leo Gaeilge a
úsáid ina ngnó.
Seoladh: Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin,
Baile Átha Cliath 22.
Guthán: (01) 457-4847
Facs: (01) 457-4847
Ríomhphost:
brian@araschronain.com
Suíomh gréasáin:
www.araschronain.com
Barr an leathanaigh
Áras Mháirtín
Uí Chadhain
Is é Áras Mháirtín Uí Chadhain
ionad sealbhaithe agus buanaithe Gaeilge Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh, agus tá sé suite ar an gCeathrú
Rua i nGaeltacht Chonamara. Eagraítear ranganna Gaeilge
ann do dhaoine fásta, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh,
do mhúinteoirí agus do mhic léinn tríú
leibhéal. Eagraítear cúrsaí fada
samhraidh freisin i staidéar Éireannach, Gaeilge,
T.E.F.L. agus scríbhneoireacht chruthaitheach.
Seoladh: Áras Mháirtín Uí Chadhain,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 595101/595038
Facs: (091) 595041
Ríomhphost:
caitriona.uichualain@oegaillimh.ie
Suíomh gréasáin:
www.gaeilge.oegaillimh.ie/aras_chadhain.html
Barr an leathanaigh
Beo!
Is iris idirlín é Beo! (www.beo.ie)
ar cuireadh tús léi i mí na Bealtaine
2001 agus a mbíonn eagrán nua di ar fáil
ar an gcéad lá de gach mí. I measc na
rannóg atá san iris tá ‘Ar na Saolta
Seo’ (cúrsaí reatha), ‘Teanga agus
Cultúr’, ‘Cúrsaí Spóirt’,
‘Rannóg na bhFoghlaimeoirí’, ‘Cúinne
na nEalaíon’ agus ‘Cúrsaí
Teicneolaíochta’. Tá clár plé
san iris chomh maith a thugann deis do dhaoine a gcuid tuairimí
a nochtadh faoi ábhar na hirise nó faoi scéalta
atá i mbéal an phobail. Tá gluais ag
dul le gach alt, rud a chiallaíonn gur féidir
leat é a léamh gan an foclóir. Tá
an iris idirghníomhach, chomh maith; tar éis
duit alt a léamh, mar shampla, is féidir leat
scrúdú beag a dhéanamh chun do chuid
eolais ar stór focal an ailt a thástáil.
Ríomhphost: eagarthoir@beo.ie
Suíomh gréasáin: www.beo.ie
Barr an leathanaigh
Caife Úna
D’oscail caife nua Gaeilge, Caife Úna, i lár
chathair Bhaile Átha Cliath ar an Luan, 14 Márta
2005. Tá sé suite ag bun Shráid Chill Dara,
díreach trasna ón Alliance Française, in
íoslach Chomhdháil Náisiúnta na
Gaeilge, úinéirí an fhoirgnimh. Bíonn
an caife ar oscailt ó 11.00 a.m. - 10.00 p.m., Luan go
hAoine, agus is í Úna Nic Gabhann as Dún
na nGall atá ina bhun.
Tá sé mar aidhm ag Caife Úna bia blasta
agus folláin ar ardchaighdeán a chur ar fáil,
bricfeasta, lón agus tae an tráthnóna san
áireamh. Déantar na scónaí, an t-arán
donn baile, na bocairí agus toirtíní úll
go húr sa teach gach lá.
Sa ghearrthéarma, beidh deis ag grúpaí
an caife a chur in áirithe taobh amuigh de na gnáthuaireanta
oscailte. Ba mhaith le hÚna go mbainfeadh eagraíochtaí
Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga
úsáid as mar ionad do chruinnithe, seoltaí
leabhar, dinnéir bhliantúla agus ócáidí
dá leithéid.
Oscailte Luan go hAoine, 11.00 a.m. - 10.00 p.m.
Seoladh: Caife Úna, 46 Sráid Chill Dara, Baile
Átha Cliath 2
Guthán: (01) 670-6087
Ríomhphost: post@caifeuna.com
Suíomh gréasáin: www.caifeuna.com
Barr an leathanaigh
Cló Iar-Chonnachta
Is comhlacht foilsitheoireachta é Cló Iar-Chonnachta
atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara agus is mórfhoilsitheoir
ceoil é chomh maith.
Seoladh: Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307
Facs: (091) 593362
Ríomhphost: cic@iol.ie
Suíomh gréasáin: www.cic.ie
Barr an leathanaigh
Club an Ghóilín
Is club amhránaíochta dátheangach é
seo a bhíonn ar siúl thuas staighre i dtábhairne
Tom Maye’s, Sráid Freidric Thuaidh gach oíche
Aoine ó 9.30 p.m. le linn na scoilbhliana. Cuirtear
tús leis an tsraith ar an gcéad Aoine de mhí
Mheán Fómhair. Cead isteach: €2
Guthán: (086) 815-0946
Ríomhphost: angoilin@goilin.com
Suíomh gréasáin: www.goilin.com
Barr an leathanaigh
Cois Life
Is comhlacht foilsitheoireachta é Cois Life a fhoilsíonn
leabhair Ghaeilge d'fhoghlaimeoirí agus do dhaoine
óga, chomh maith le drámaí, ficsean agus
filíocht.
Seoladh: Cois Life Teo, 62 Páirc na Rós, Ascaill
na Cille, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
Guthán: (01) 280-7951
Facs: (01) 280-7951
Ríomhphost: eolas@coislife.ie
Suíomh gréasáin: www.coislife.ie
Barr an leathanaigh
Conradh na Gaeilge
Eagraíonn Conradh na Gaeilge cúrsaí samhraidh
agus geimhridh, ciorcail chomhrá agus dianchúrsaí
ag leibhéil éagsúla ó bhunrang
go rang cruinnis. Tá siopa leabhar i gceannáras
an Chonartha ar Shráid Fhearchair agus tá réimse
leathan leabhar Gaeilge ar díol ann.
Seoladh: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 475-7401
Facs: (01) 475-7844
Ríomhphost: eolas@cnag.ie
Suíomh gréasáin: www.cnag.ie
Barr an leathanaigh
Comhar
Tá meascán den chritic, den scríbhneoireacht
chruthaitheach agus de chúrsaí reatha le fáil
san iris mhíosúil seo atá á foilsiú
ó na daichidí i leith.
Seoladh: 5 Rae Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 678-5443
Facs: (01) 678-5443
Ríomhphost: eolas@comhar-iris.ie
Suíomh gréasáin: www.comhar-iris.ie
Barr an leathanaigh
Comharchumann Ráth Cairn
Tá Gaeltacht Ráth Cairn suite i gContae na Mí.
Eagraíonn An Comharchumann cúrsaí ann do
dhéagóirí agus do mhic léinn tríú
leibhéal, cúrsaí deireadh seachtaine do
dhaoine fásta, cúrsaí atá saincheaptha
do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí ar
leith agus laethanta saoire cultúrtha (ranganna seite,
amhránaíocht, damhsa sean-nóis, céilithe,
turais agus cainteanna cultúrtha).
Seoladh: Comharchumann Ráth Cairn, Áras Uí
Ghramhnaigh, Baile Átha Buí, Co. na Mí
Guthán: (046) 943-2067
Facs: (046) 943-2381
Ríomhphost:
rathcairn@eircom.net
Suíomh gréasáin:
www.rathcairn.com
Barr an leathanaigh
Comhdháil Náisiúnta
na Gaeilge
Is fóram í an Chomhdháil do na heagrais
Ghaeilge agus do chomhluadair eile sa phobal chun polasaí
agus gníomh ar son na Gaeilge a dheimhniú. Is
í aidhm na Comhdhála ná bá agus
tacaíocht don Ghaeilge a neartú agus a bhuanú
le go mbeidh sí á húsáid go forleathan
i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann. Tá
21 balleagras sa Chomhdháil a bhíonn ag plé
leis an nGaeilge i ngach gné den saol.
Seoladh: 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 679-4780
Facs: (01) 679-0214
Ríomhphost:
eolas@comhdhail.ie
Suíomh gréasáin:
www.comhdhail.ie
Barr an leathanaigh
Comhluadar
Cuireann Comhluadar réimse leathan seirbhísí
tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí ar
mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí.
Seoladh: Comhluadar, 7 Sráid Lombard Thoir, Baile Átha
Cliath 2
Guthán: (01) 671-5116
Facs: (01) 671-0477
Ríomhphost:
eolas@comhluadar.ie
Suíomh gréasáin:
www.comhluadar.ie
Barr an leathanaigh
Cumann Merriman
Bunaíodh Cumann Merriman chun ainm agus saothar Bhriain
Merriman a bhuanú agus, ina theannta sin, chun spéis
a chothú i ngach gné de dhúchas na hÉireann:
an Ghaeilge, an stair, an litríocht agus an ceol. Reáchtáiltear
Scoil Shamhraidh agus Scoil Gheimhridh gach bliain chun na cuspóirí
seo a chur i gcrích. Guthán: (086) 382-0671
Ríomhphost:
eolas@merriman.ie
Suíomh gréasáin:
www.merriman.ie
Barr an leathanaigh
Cúpla Focal
Siopa atá lonnaithe i mBré, Contae Chill Mhantáin
a bhfuil leabhair Ghaeilge do leanaí agus do dhaoine
fásta, chomh maith le ceol, dlúthdhioscaí
léamh amháin (CD-ROM) agus leabhair ghinealaigh
as Béarla ar díol ann.
Seoladh: Cúpla Focal,15/16 Cosán Ailbhe, Bré,
Co. Chill Mhantáin
Guthán: (01) 276-5120
Facs: (01) 276-5125
Ríomhphost: Siopa@cuplafocal.ie
Suíomh gréasáin: www.cuplafocal.ie
Barr an leathanaigh
Dáil Uladh
Cuireann Dáil Uladh na nithe seo a leanas ar fáil:
*Cúrsaí seachtaine sa Ghaeilge do theaghlaigh
* Dianchúrsaí sa Ghaeilge
* Ceardlanna Péintéireachta
* Rang Cócaireachta
* Siúl Sléibhe
* Cúrsaí Cultúrtha & Cruthaitheacha
* Ceardlanna Scéalaíochta
* Ceadlanna Deireadh Seachtaine sna Ceirdeanna Cruthaitheacha
* Ceardlanna i dTógáil Ballaí Cloiche
Seoladh: Coláiste Uladh, Gort an Choirce, Contae Dhún
na nGall
Guthán: (074) 916-5822
Ríomhphost: dailuladh@eircom.net
Suíomh gréasáin: www.dailuladh.com
Barr an leathanaigh
EGT
Comhlacht foilsitheoireachta agus ríomhaireachta é
EGT, a chuireann tacaíocht ar fáil do lucht mionteangacha.
Tá earra bog, clóanna Gaelacha agus cluichí
ríomhaireachta as Gaeilge le fáil uathu.
Seoladh: Marion Gunn, EGT, 27 Páirc an Fhéithlinn,
Baile an Bhóthair, Co. Átha Cliath, Éire
Ríomhphost: mgunn@egt.ie
Suíomh gréasáin: www.egt.ie
Barr an leathanaigh
Feasta
Iris liteartha is ea
Feasta a bhunaigh Conradh na Gaeilge
tríd an gcomhlacht foilsitheoireachta Clódhanna
Teoranta i 1948. Foilsitear an iris gach mí.
Seoladh: Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá
Lí, Co. Chiarraí
Guthán: (066) 712-4169
Facs: (01) 478-5428
Ríomhphost:
feasta@eircom.net
Suíomh gréasáin:
www.feasta.ie
Barr an leathanaigh
Fios Feasa
Bunaíodh Fios Feasa i nGaeltacht Chorca Dhuibhne chun
earraí ilmheánacha a sholáthar a chuirfeadh
cultúr agus teanga na hÉireann i láthair
ag baint úsáide as an teicneolaíocht is
déanaí.
Seoladh: Eastát Tionsclaíochta Bhaile na Buaile,
An Daingean, Co. Chiarraí
Guthán: (066) 915 2465
Facs: (066) 915 2492
Ríomhphost: post@fiosfeasa.com
Suíomh gréasáin: www.fiosfeasa.com
Barr an leathanaigh
Foinse
Is nuachtán náisiúnta Gaeilge é
Foinse a bhíonn ar fáil gach Satharn.
Cuireann Foinse meascán mór scéalta agus
nuachta ar fáil go seachtainiúil idir nuacht náisiúnta
agus idirnáisiúnta, chursaí reatha, spórt,
thaisteal, ghnó, léirmheasanna agus oideachas,
ag díriú ar óg agus aosta.
Seoladh: Foinse, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 595520
Facs: (091) 595524
Ríomhphost:
nuacht@foinse.ie
Suíomh gréasáin:
www.foinse.ie
Barr an leathanaigh
Foras na Gaeilge
Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht nua atá
freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na
hÉireann. I gComhaontú Aoine an Chéasta
luadh go mbunófaí Eagraíocht Forfheidhmithe
Thuaidh/Theas chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn.
Faoi choimirce an chomhlachta sin, comhlíonfaidh Foras
na Gaeilge na freagrachtaí sonraithe ar fad maidir leis
an nGaeilge.
Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 639-8400 nó 1850 325 325
Facs: (01) 639-8401
Ríomhphost: eolas@forasnagaeilge.ie
Suíomh gréasáin: www.gaeilge.ie
Barr an leathanaigh
Barr an leathanaigh
Gaelic-L agus Gaelic-B
Tá liostaí ríomhphoist ann do dhaoine atá
ar bheagán Gaeilge (Gaelic-B) agus dóibh siúd
a bhfuil Gaeilge níos líofa acu (Gaelic-L). Scríobhann
daoine atá páirteach sna grúpaí
seo teachtaireachtaí chuig a chéile agus bíonn
eolas le fáil sna teachtaireachtaí a sheoltar
faoi nithe atá ag tarlú sa Ghaeilge.
www.smo.uhi.ac.uk/liosta
Barr an leathanaigh
Gaelchultúr
Is eagraíocht nua é Gaelchultur atá lonnaithe
i mBarra an Teampaill, i gcroílár chathair Bhaile
Átha Cliath. Cuireann sé ranganna Gaeilge ar
fáil do dhaoine fásta ag sé leibhéal
éagsúla an bhliain ar fad, ceardlanna ar ghnéithe
éagsúla den chultúr Gaelach agus imeachtaí
rialta eile.
Seoladh: Foirgneamh Filmbase (Leibhéal
2), An Chuarshráid, Barra an Teampaill, Baile Átha
Cliath 2
Guthán: (01) 675-3658 or (085) 707-6182
Ríomhphost: eolas@gaelchultur.com
Suíomh gréasáin: www.gaelchultur.com
Barr an leathanaigh
Gael Linn
Fondúireacht náisiúnta í Gael Linn
a bhfuil mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus oidhreacht
dhúchas na hÉireann a neartú agus a leathnú.
Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl ag Gael Linn ina
n-ionad nua ar shráid Dásain agus bíonn
na cúrsaí ar siúl ag amanna difriúla
den bhliain.
Seoladh: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha
Cliath 2
Guthán: (01) 675-1200
Facs: (01) 676-7030
Ríomhphost: eolas@gael-linn.ie
Suíomh gréasáin: www.gael-linn.ie
Barr an leathanaigh
Gaelport
Suíomh cuimsitheach de chuid Chomhdháil Náisiúnta
na Gaeilge ar a bhfuil eolas faoi imeachtaí i saol na
Gaeilge. Is féidir leat clárú anseo don
nuachtlitir a sheolann an Chomhdháil amach gach coicís.
Tá fáil ar Gaelport ag: www.gaelport.com
Seoladh: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge,
46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 679 4780
Facs: (01) 679 0214
Ríomhphost: eolas@gaelport.com
Barr an leathanaigh
Gaelsaoire
Is tionscnamh de chuid údarás na Gaeltachta, ar
mhaithe le forbairt agus cur chun cinn na turasóireachta
cultúrtha sna ceantair Ghaeltachta, é GaelSaoire.
Cuireann GaelSaoire eolaire lóistín na Gaeltachta
ar fáil agus tugann eolas agus comhairle faoi laethanta
saoire sa Ghaeltacht.
Guthán: (1800) 621 600
Facs: (066) 915-2429
Ríomhphost: info@gaelsaoire.ie
Suíomh gréasáin: www.gaelsaoire.ie
Gaelscoileanna
Is eagras náisiúnta deonach é Gaelscoileanna
a bunaíodh sa bhliain 1973 chun an t-oideachas lán-Ghaelach
a fhorbairt agus chun an Ghaeilge féin i gcúrsaí
oideachais a chosaint agus a neartú.
Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 639-8430 nó (01) 639-8431
Facs: (01) 639-8401
Ríomhphost: oifig@gaelscoileanna.ie
Suíomh gréasáin: www.gaelscoileanna.ie
Glór na nGael
Is comórtas bliantúil é seo a bhfuil sé
mar aidhm aige pobail a spreagadh leis an nGaeilge a chur chun
cinn. Bíonn coiste áitiúil ann a mbíonn
eagraíochtaí teanga agus cultúrtha páirteach
ann, agus eagraítear cúrsaí, grúpaí
comhrá agus gníomhaíochtaí eile
le húsáid na Gaeilge a spreagadh sa phobal.
Seoladh: Glór na nGael Teo., 32 Lána Herbert,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 644-7600
Facs: (01) 678-8752
Ríomhphost: fiosru@glornangael.ie
Suíomh gréasáin: www.glornangael.ie
Intercelt
Tá móran eolais ar an suíomh gréasáin
seo faoi laethanta saoire agus imeachtaí cultúrtha
in Éirinn a bhfuil baint acu leis an teanga agus leis
an gcultúr Gaelach. Tugtar eolas ann faoi réimse
leathan toipicí: foghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal
i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre; ceol;
féilte cultúrtha; logainmneacha; sloinnte; amhránaíocht
agus rince.
www.intercelt.com
Lá Nua
Nuachtán laethúil atá bunaithe i mBéal
Feirste agus i nGaoth Dobhair agus a dhíríonn
ar chúrsaí reatha agus scéalta atá
i mbéal an phobail.
Seoladh: Teach Basil, 2 Cnoc Bhaile Haine, Béal Feirste
BT17 0LT
Guthán: (048) 90 605050
Facs: (048) 90 605544
Ríomhphost: eolas@nuacht.com
Suíomh gréasáin: www.nuacht.com
Litríocht.com
Is comhlacht i nGaeltacht Chorca Dhuibhne é Litriocht.com
agus tá sé mar aidhm aige gach leabhar foilsithe
as Gaeilge nó a bhaineann leis an nGaeilge a chur ar
fáil ar an suíomh.
www.litriocht.com
Oideas Gael
Tá Oideas Gael suite i nGleann Cholm Cille i gContae
Dhún na nGall. Bunaíodh é chun foghlaim
agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus d'fhonn
cultúr na Gaeilge a chothú laistigh den Ghaeltacht
agus lasmuigh di. Eagraítear cúrsaí Gaeilge
agus cultúrtha ann ag amanna éagsúla den
bhliain, cúrsaí a mheallann breis is míle
duine as suas le 30 tír.
Seoladh: Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na
nGall
Guthán: (074) 973-0248
Facs: (074) 973-0348
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Suíomh gréasáin: www.oideas-gael.com
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne suite i mBaile an Fheirtéaraigh
i gContae Chiarraí agus chomh maith le ranganna Gaeilge,
eagraíonn siad ranganna le Gaeilge agus Oidhreacht
(béaloideas, litríocht, seandálaíocht,
ceol agus rince na háite).
Seoladh: Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh,
Co. Chiarraí
Guthán: (066) 9156100
Facs: (066) 9156348
Ríomhphost:
mus@cfcdteo.iol.ie
Suíomh gréasáin:
www.corca-dhuibhne.com
Raidió na Life
Stáisiún pobail do mhórcheantar Bhaile
Átha Cliath is ea Raidió na Life 106.4 fm agus
is é an chéad stáisiún neamhspléach
raidió sa tír a chraolann go hiomlán
as Gaeilge. Craoltar réimse an-leathan cláracha
ar Raidió na Life: cláracha eolais, nuachta,
cúrsaí reatha, pobail, irischláracha,
cláracha sainspéise agus ceol ó gach
cearn den domhan.
Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 661-6333
Facs: (01) 676-3966
Ríomhphost:
eolas@rnl106.com
Suíomh gréasáin:
www.rnl106.com
RTÉ Raidió
na Gaeltachta
Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís
iomlán raidió ar fáil do phobal na Gaeltachta
agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Tá
sé le cloisteáil anois ar fud na tíre ar
feadh 17 uair an chloig gach lá den bhliain, le raon
leathan de chláracha nuachta agus cúrsaí
reatha, le hirisí, le cláracha ilchineálacha
ceoil, le spórt, díospóireachtaí,
siamsaíocht agus araile. Is féidir éisteacht
leis ar an Idirlíon freisin.
Seoladh: RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara,
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 506677
Facs: (091) 506666
Ríomhphost: rnag@rte.ie
Suíomh gréasáin: www.rte.ie/rnag
Saol
Nuachtán míosúil atá saor in aisce
ina bhfuil fógraí, leathanach d'fhoghlaimeoirí,
pictiúir, scéalta, srl.
Seoladh: Saol, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha
Cliath 2
Guthán: (01) 639-8400
Ríomhphost: otorna@indigo.ie
Suíomh gréasáin: www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/saol.html
TG4
Is é TG4 an stáisiún náisiúnta
teilifíse Gaeilge a tháinig ar an aer i mí
Dheireadh Fómhair 1996. Cuireann sé sceideal cuimsitheach
cláracha Gaeilge ar fáil a bhfuil gradaim bainte
amach acu (a seirbhís laethúil nuachta féin
san áireamh) agus an bhéim ar ábhar ón
nua. Craolann an stáisiún ceithre uair an chloig
go leith de sceideal laethúil cláracha Gaeilge
faoi láthair.
Seoladh: TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 505050
Facs: (091) 505021
Ríomhphost: eolas@tnag.ie
Suíomh gréasáin: www.tnag.ie