Cad is Sult ann?
Is club Gaeilge neamhfhoirmeálta é Sult a bunaíodh i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 1999. Cuireadh an club seo ar bun chun freastal ar an éileamh mór atá sa chathair ar imeachtaí Gaeilge. Tá sé dírithe ar lucht labhartha na Gaeilge, ar lucht foghlamtha na teanga agus ar éinne gur spéis leis ceol, amhránaíocht, damhsa agus an cultúr Gaelach. Deis iontach atá ann an Ghaeilge a chleachtadh agus bualadh le daoine eile a bhfuil suim acu sa teanga. Tá fáilte roimh chách, idir dhaoine ar chúpla focal agus dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.


Am agus áit

Bíonn Sult ar siúl ar siúl gach dara Déardaoin idir Meán Fómhair agus Bealtaine. Go dtí seo reáchtáladh imeachtaí an chlub sa Bull and Castle, Teampall Chríost, ach ó mhí Mheán Fómhair 2007 beidh sé ag aistriú go hionad nua: The Vaults (www.thevaults.ie), atá in aice Stáisiún Traenach Ui Chonghaile agus an IFSC. Chun teacht ar dhátaí na sraithe reatha, téigh chuig an sceideal, atá le fáil anseo. Chun fáil amach cá bhfuil The Vaults suite, cliceáil anseo.


An tsiamsaíocht

Bíonn réimse leathan ceoil i gceist ag Sult i gcónaí agus tugtar cuireadh d'aíonna an-speisialta a bheith i láthair ag na hócáidí. Bhí snagcheol, amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós, samba, tango, salsa, flamenco, ballet, damhsa nua-aimseartha agus damhsa boilg mar chuid den tsiamsaíocht a cuireadh ar fáil le tamall anuas. Chun liosta iomlán a fháil de na haíonna a bhí ag Sult go dtí seo, féach ar ‘Imeachtaí go dtí seo’.

Bíonn grúpa tí Sult le cloisteáil ag gach ócáid. Sheinn na ceoltóirí seo a leanas sa ghrúpa le roinnt blianta anuas: Antóin Bracken (basúcaí), Trevor Ó Muirí (giotár), Daire Bracken (fidil), Eimhin Liddy (bosca ceoil), Cathal King (fliúit) agus Jessica Healy (fidil).  

Cead isteach
€7 (mic léinn: €5)