English version here

An Ghaeilge:

Acmhainní Féinteagaisc

Cúrsaí Cuimsitheacha
Dlúthdhioscaí Léamh Amháin (CD-ROM)
Foclóirí
Gramadach

Tá liosta thíos de chuid de na cúrsaí féinteagaisc, leabhair ghramadaí agus foclóirí a chabhródh leis an bhfoghlaimeoir nó leis an té atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Tá an liosta bunaithe ar chatalóg An Siopa Leabhar (Conradh na Gaeilge) atá rangaithe faoi na ceannteidil seo a leanas: Cúrsaí cuimsitheacha, foclóirí dátheangacha, foclóirí Gaeilge-Gaeilge, gramadach agus ábhar breise

Is féidir breathnú ar an gcatalóg iomlán ag: www.egt.ie/lghlin/siopa6/index.html . Is féidir leabhair a cheannach ar líne freisin tríd an gcatalóg seo.


Cúrsaí Cuimsitheacha

Ó Dónaill, Éamonn
Turas Teanga
Is cúrsa ilmheán é Turas Teanga atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ag an mheánleibhéal. Bhí sraith teilifíse i gceist ina raibh 20 páirt agus craoladh é seo ar RTÉ sa chéad chuid de 2004. Tá na cláracha sin le fáil anois ar DVD agus tá na gnéithe seo a leanas sa chúrsa chomh maith: leabhar (arna fhoilsiú ag Gill and Macmillan), 3 dhlúthdhiosca, suíomh gréasáin (www.rte.ie/tv/turasteanga).

Byrne, Annette
Gaeilge agus Fáilte
Cúrsa atá dírithe orthu siúd nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Tá leabhar 200 leathanach agus dhá chaiséad fuaime 60 nóiméad i gceist sa chúrsa seo.
ITÉ/Gael-Linn 2001

Ó Dónaill, Éamonn & Ní Churraighín, Deirbhile
Now You're Talking
Is cúrsa nua-aimseartha ilmheán é 'Now You're Talking' atá dírithe orthu siúd nach bhfuil aon Ghaeilge acu agus orthu siúd a bhfuil buneolas acu ar an teanga. Tá sé bunaithe ar an tsraith teilifíse den ainm céanna a taispeánadh ar RTÉ agus ar an BBC roinnt blianta ó shin. Chomh maith le leabhar ildaite, tá cúig chaiséad sa chúrsa seo agus is féidir fístéipeanna a cheannach freisin ó Iontaobhas Ultach i mBéal Feirste (eolas: (04890) 230749).
Gael Media 1995

Mac Gabhann, Risteard
Cúrsa Closamharc Gaeilge
Cúrsa closamhairc féinteagaisc i nGaeilge do dhaoine fásta. Tá sé dírithe ar thosaitheoirí nó ar dhaoine ar bheagán Gaeilge agus tá sé bunaithe ar chanúint Ghaeltacht Dhún na nGall.
Leabhar agus caiséid (caitear iad a cheannach in éineacht) Andersonstown News, Béal Feirste 1975 (4ú heag. 1987)

Mac Gabhann, Risteard
Tús Maith
Cúrsa féinteagaisc do dhaoine fásta, ina bhfuil fiche aonad ar fad. Chomh maith le leabhar an chúrsa, tá trí dhlúthdhiosca i gceist.
Ogmios, 10 Bóthar Dhún an Chreagáin, Doire BT48 OAD
Teil: ++44 28 71264714
Ríomhphost: r.macgabhann@ulster.ac.uk

Mac Póilín, Aodán
Irish is Fun
Leabhar greannmhar le ceachtanna grádaithe, cleachtaí, gramadach agus foclóir.
Y Lolfa, An Bhreatain Bheag, 1987

Ó Riain, Seán
Irish is Fun-tastic
Tógann an cúrsa seo ar an méid atá sa leabhar Irish is Fun le tuilleadh ceachtanna sa Ghaeilge labhartha.
Y Lolfa, 1990

Ó Riain, Flann
Lazy Way To Irish
Focail, abairtí agus frásaí bunúsacha i nGaeilge.
Y Lolfa, 1993

Cogar - Cúrsa RTÉ i nGaeilge labhartha
Sraith foghlama Gaeilge dírithe ar thosaitheoirí agus orthu siúd ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá an cúrsa bunaithe ar shraith comhráite ar deineadh taifeadadh orthu i nGaeltacht Chonamara.
2 leabhar and 4 chaiséad
RTÉ/Gael-Linn/ITÉ

Ó Sé, Diarmuid & Sheils, Joseph
Teach Yourself Irish
Cúrsa iomlán do thosaitheoirí agus do dhaoine a d'fhoghlaim Gaeilge ar scoil ach nach raibh mórán deise acu í a labhairt ó shin i leith. Tá comhráite agus eolas faoin bhfoghraíocht le fáil ar chaiséad. Canúint na Mumhan
Hodder & Stoughton, 2002 (eagrán nua)

Ó Siadhail, Mícheál
Learning Irish
Tá an cúrsa seo bunaithe ar chanúint Chois Fharraige in Iarthar Chontae na Gaillimhe. Tá caiséid ar fáil a mhúineann an córas foghraíochta agus a thacaíonn leis na téacsanna ar fad sa leabhar. Cuirtear cleachtaí ar fáil freisin. Baintear úsáid as an gcóras idirnáisiúnta foghraíochta sa chúrsa seo.
Eagrán nua ó Yale U.P. 1988
Ceithre chaiséad

Wilkes, Angela
Irish for Beginners
Leabhar taitneamhach ildaite a thugann blaiseadh den Ghaeilge do thosaitheoirí. Dírítear ar ócáidí laethúla agus ar an nGaeilge bhunúsach. Mínítear gramadach nua go soiléir agus tá mórán deiseanna cleachtaidh ann.
Comhairleoirí teanga: Séamus Ó Cróinín & Michael Smith.
Usborne Language Guides 1989

 Barr an leathanaigh


Dlúthdhioscaí Léamh Amháin (CD-ROM)

Is féidir na dlúthdhioscaí thíos a órdú ó na háiteanna seo a leanas:
Cúpla Focal i mBré
Guthán: (01) 276-5120; suíomh gréasáin: www.cuplafocal.ie)
www.litriocht.com
www.oideas-gael.com/siopa

Talk Now! Learn Irish
Eurotalk Interactive. PC/Mac
Focail agus abairtí a chuirfidh ar chumas glantosaitheoirí bunús na teanga a thabhairt leo go sciobtha ar bhealach taitneamhach. Trí leas a bhaint as an deis taifeadta is féidir leis an tosaitheoir é féin a chur i gcomórtas leis an gcainteoir dúchais agus monatóireacht a dhéanamh ar a dhul chun cinn.
Cúrsa ar fáil ag an meánleibhéal chomh maith.

Speakwrite Gaeilge
- Cuid 1, 2, 3
Cúrsa Gaeilge ar ríomhaire é seo atá ar fáil ar dhlúthdhiosca léamh amháin. Is ar labhairt agus ar éisteacht atá an bhéim.
Tuilleadh eolais ó: Mícheal Ó Flatharta, Áras Mháirtín Uí Chadhain, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. (091) 595101

 Barr an leathanaigh


Foclóirí

HarperCollins
Collins Gem English-Irish, Irish-English Dictionary
Tá os cionn 40,000 tagairt agus 60,000 aistriúchán, chomh maith le treoir ghramadaí san fhoclóir seo.

Collins
Pocket Irish Dictionary
Leagan níos mó den fhoclóir thuas. Eagarthóirí: Séamus Mac Mathúna, Ailbhe Ó Corráin; Fo-eagarthóir: Pádraig Ó Mianáin

Valerie Grundy agus Breandán Ó Cróinín
The Pocket Oxford Irish Dictionary
Breis is 100,000 focal, frása agus aistriúchán.

De Bhaldraithe, Tomás (eag.)
Foclóir Béarla-Gaeilge
Foclóir cuimsitheach Béarla-Gaeilge.
1ú foilsiúchán 1959
Oifig an tSoláthair, athfhoilsiú 1998

Nuafhoclóir
Foclóir Béarla-Gaeilge
Ó Fallúin, Baile Átha Cliath 1967 (eagrán nua 1987)

Ó Siochfhradha, Mícheál (eag.)
Foclóir Béarla-Gaeilge/Gaeilge-Béarla
Foclóir úsáideach don fhoghlaimeoir.
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Baile Átha Cliath

Pocket Irish Dictionary
Foclóir bunúsach Gaeilge.
Appletree Press, Béal Feirste

Ó Baoill, Dónall P. (eag.)
Foclóir Póca
Foclóir Gaeilge-Béarla/Béarla-Gaeilge a bhfuil 30,000 focal ann, mar aon le fuaimniú, téarmaíocht nua, táblaí briathra agus liostaí logainmneacha. Tá caiséad ar fáil chomh maith.
An Gúm, Baile Átha Cliath 1986

Ó Dónaill, Niall, agus de Bhaldraithe, Tomás (eag.)
Foclóir Gaeilge-Béarla
Foclóir cuimsitheach Gaeilge-Béarla.
Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977

An Roinn Oideachais
Gearrfhoclóir Gaeilge-Béarla
Leagan níos giorra é seo den fhoclóir Gaeilge-Béarla a cuireadh le chéile sa Roinn Oideachais, a foilsíodh i 1978, agus a chuir Niall Ó Dónaill in eagar.
Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1981

Dinneen, Patrick S.
Foclóir Gaedhilge agus Béarla
Foclóir Gaeilge-Béarla a bhfuil an seanlitriú neamhchaighdeánaithe ann. An-úsáideach i gcomhair litríocht na Gaeilge a léamh.
Irish Texts Society, Baile Átha Cliath 1975

An Roinn Oideachais
An Foclóir Beag
Tá isteach is amach le 13,000 focal mínithe san fhoclóir seo idir cheannfhocail agus fhocail eile atá bunaithe orthu sin, mar aon le heolas ar an ngramadach agus raidhse abairtí samplacha. Bheadh an foclóir seo oiriúnach mar bhunfhoclóir do dhaoine fásta.
Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1991.
An Foclóir Beag ar fáil ar an idirlíon ag: : www.csis.ul.ie/focloir


Tá seiceálaí litrithe (spelling checker) le Diarmaid Mac Mathúna le fáil ag: www.gaelspell.com

back to top


Gramadach

Ó Dónaill, Éamonn
Teach Yourself Irish Grammar
Leagtar béim sa ghraiméar cuimsitheach seo ar ghramadach úsáideach agus ar úsáid laethúil. Cuirtear na rialacha i láthair go simplí, i dteanga shothuigthe, agus seachnaítear téarmaíocht chasta. Tá cleachtaí le fáil i ngach aonad agus tá freagraí na gcleachtaí sin le fáil ag deireadh an leabhair. Oiriúnach do ghlantosaitheoirí agus do dhaoine ag leibhéil níos airde.
Hodder and Stoughton, 2005

Mac Congáil, Nollaig
Leabhar Gramadaí Gaeilge
Is fada lucht foghlama na Gaeilge ag gearán nach gcuirtear rialacha gramadaí ina láthair ar bhealach díreach sothuigthe. Féachtar leis an scéal sin a leigheas sa leabhar gramadaí seo atá bunaithe ar rialacha gramadaí atá le fáil in Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill.
Cló Iar-Chonnachta, 2002

Irish Grammar Book
Leagan Gaeilge den leabhar gramadaí thuasluaite.
Cló Iar-Chonnachta, 2004

Mac Murchaidh, Ciarán
Cruinnscríobh na Gaeilge
Gearrchúrsa praiticiúil i ngramadach agus i gcruinnscríobh na Gaeilge atá sa saothar seo. Tá sé dírithe go príomha ar an bhfochéimí Gaeilge ach táthar ag súil go mbainfidh lucht foghlama agus lucht teagaisc araon leas agus tairbhe as. Tá roinnt mhaith cleachtaí ann le cuidiú leis an bhfoghlaimeoir dul i dtaithí ar phríomhstruchtúir agus ar phríomhréimsí gramadaí na Gaeilge. San eagrán nua, athchóirithe, méadaithe seo tá abhar agus cleachtaí breise agus leagan leictreonach den téacs mar áis don úsáideoir.
Cois Life, 2002 (eagrán méadaithe, 2004)

Ó Baoill, Dónall P. & Ó Rónáin, Conchúr
Úrchúrsa Gaeilge
Leabhar gramadaí a dhíríonn isteach ar na fadhbanna is mó a bhíonn ag an bhfoghlaimeoir ar mian leis Gaeilge chruinn a scríobh. Tá roinnt ceachtanna úsáideacha ann. Tá an téacs go hiomlán as Gaeilge.
Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath, 1980

Na Bráithre Críostaí
New Irish Grammar
Leabhar gramadaí ina bhfuil na míniúcháin i mBéarla.
Baile Átha Cliath, 1976

Na Bráithre Críostaí
Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí
D'fhoilsigh An Gúm leagan soiléir, nua, achóirithe den ghraiméar seo i 1999.
An Gúm, Baile Átha Cliath, 1999

Mac Giolla Phádraig, Brian
Gearrchúrsa Gramadaí
Leagan níos giorra den Réchúrsa Gramadaí. Go hiomlán i nGaeilge.
Mac an Ghoill, Baile Átha Cliath

Ó hÍomhair, Seán & Ó Broin, Risteárd
Buntús Gramadaí
Treoir ghramadaí do thosaitheoirí. Go hiomlán i nGaeilge.
Educational Company, Baile Átha Cliath, 1984

McGonagle, Noel
Irish Grammar: A Basic Handbook
Cuireann an leabhar seo gramadach bhunúsach na Gaeilge ar fáil i mBéarla. Tá saoirse áirithe ag baint leis na ceachtanna - ní gá ord na gceachtanna a leanúint go docht, cé go bhfuil roinnt ceachtanna bunúsacha ag an tús a chaitear a leanúint.
Cló Iar-Chonnachta, 1988

Ó Murchú, Déaglán / Ó Murchú, Pádraig
Briathra na Gaeilge
Briathra rialta agus mírialta.
Folens, Baile Átha Cliath

Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil

Tá na rialacha a bhaineann leis an gcaighdeán oifigiúil leagtha amach sa leabhar seo.
Oifig an tSoláthair, 1979

Barr an leathanaigh