English version here
An Ghaeilge:
Ag Foghlaim na Gaeilge
Ranganna i mBaile Átha
Cliath
Ranganna Gaeilge
sa Ghaeltacht
Ranganna i mBaile Átha Cliath
Gaelchultúr
Bíonn ranganna Gaeilge do dhaoine fásta á
reáchtáil go leanúnach ag Gaelchultúr
Teoranta (www.gaelchultur.com)
ina ionad i bhfoirgneamh Filmbase, An Chuarshráid, Barra
an Teampaill. Bíonn ranganna ar fáil ag na leibhéil
seo a leanas: bunrang 1, bunrang 2, meánrang 1, meánrang
2, ardrang, cruinneas sa Ghaeilge. Tá níos mó
eolais le fáil faoi na ranganna ag www.gaelchultur.com
Foras na Gaeilge
Tá liosta cuimsitheach ag Foras na Gaeilge (1850 325
325 i bPoblacht na hÉireann; 0845 3098142 i dTuaisceart
Éireann) de ranganna Gaeilge atá ar siúl
in áiteanna ar fud na tíre. Tá eolas tugtha
thíos faoi roinnt áiteanna i mBaile Átha
Cliath agus sna Gaeltachtaí inar féidir leat freastal
ar ranganna Gaeilge.
Conradh na Gaeilge
Eagraíonn Conradh na Gaeilge cúrsaí samhraidh
agus geimhridh, ciorcail chomhrá agus dianchúrsaí
ag leibhéil éagsúla ó bhunrang go
rang cruinnis. Bíonn ranganna ar siúl i rith an
gheimhridh oíche Dé Máirt, Dé Céadaoin
agus Déardaoin ar feadh uair an chloig go leith. Eagraíonn
an Conradh dianchúrsaí i mí an Mheithimh,
mí Iúil agus mí Lúnasa; maireann
na ranganna áirithe sin trí uair an chloig agus
bíonn dhá oíche sa tseachtain i gceist.
Seoladh: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 475-7401
Facs: (01) 475-7844
Ríomhphost: eolas@cnag.ie
Suíomh gréasáin: www.cnag.ie/bunus/rang.htm
Gael Linn
Tá ranganna Ghael Linn ar siúl anois ina n-ionad
nua ar shráid Dásain. Bíonn cúrsaí
ar siúl ag amanna difriúla den bhliain agus is
féidir cúrsa oíche nó cúrsa
maidine a dhéanamh. Bíonn ranganna ar fáil
do thosaitheoirí, ranganna ag an meánleibhéal,
ardranganna, cúrsaí oíche, cúrsaí
maidine, cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí
do mhúinteoirí. Leanann cúrsa Gaeilge de
chuid Ghael Linn ar feadh sé seachtaine. Bíonn
na ranganna oíche ar siúl ó 6.30 - 9.30
p.m. Dé Luain agus Dé Céadaoin nó
Dé Máirt agus Déardaoin. Bíonn na
ranganna maidine ar siúl dhá mhaidin sa tseachtain
ar feadh sé seachtaine.
Seoladh: 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 676-7283
Facs: (01) 676-7030
Ríomhphost: gaellinn@eircom.net
Suíomh gréasáin: www.gael-linn.ie
Áras Chrónáin
Bíonn ranganna Gaeilge ag cúig leibhéal
éagsúla ar siúl in Áras Chrónáin
i gCluain Dolcáin i rith na bliana. Tosaíonn cúrsa
an fhómhair i mí Mheán Fómhair agus
bíonn sé ar siúl gach oíche Dé
Céadaoin ar feadh dhá sheachtain déag.
Tosaíonn cúrsa eile san athbhliain.
Seoladh: Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin,
Baile Átha Cliath 22.
Guthán: (01) 457-4847
Facs: (01) 457-4847
Ríomhphost: brian@araschronain.com
Suíomh gréasáin: www.araschronain.com
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Oifig an Oideachais Aosaigh
Cuireann Oifig an Oideachais Aosaigh, An Coláiste Ollscoile,
Baile Átha Cliath, ranganna Gaeilge ar fáil ag
ceithre leibhéal. Bíonn na cúrsaí
ar fáil i mBelfield.
Seoladh: Oifig an Oideachais Aosaigh, Foirgneamh na Leabharlainne,
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield,
Baile Átha Cliath 4
Guthán: (01) 716-1416
Ríomhphost: adult.education@ucd.ie
Suíomh gréasáin: www.ucd.ie/~adulted
Barr
an leathanaigh
Ranganna Gaeilge
sa Ghaeltacht
An Ghaeltacht
Tá na Gaeltachtaí is mó le fáil
i gContae Dhún na nGall, i gContae na Gaillimhe agus
i gContae Chiarraí. Tá ceantair bheaga eile Gaeltachta
i gContaetha Chorcaí, na Mí, Phort Láirge
agus Mhaigh Eo. Tá an méid Gaeilge atá
á labhairt taobh amuigh den Ghaeltacht ag méadú
de shíor, rud atá soiléir ón ráchairt
atá ar ranganna Gaeilge agus ar bhunscolaíocht
agus ar iar-bhunscolaíocht trí mheán na
Gaeilge. Tá an líon teaghlach agus daoine atá
ag caitheamh a saoil go dátheangach taobh amuigh den
Ghaeltacht ag fás ar bhonn leanúnach. Tá
eolas ar na Gaeltachtaí le fáil ar an suíomh
seo:
http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/gaeilge.html#gaeltachtai
Oideas Gael
Tá Oideas Gael suite i nGleann Cholm Cille i gContae
Dhún na nGall. Is in 1984 a bunaíodh é
chun foghlaim agus úsáid na Gaeilge a chur chun
cinn agus d'fhonn cultúr na Gaeilge a chothú laistigh
den Ghaeltacht agus lasmuigh di. I measc aidhmeanna Oideas Gael
tá na nithe seo: freastal a dhéanamh ar dhaoine
fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú
na Gaeilge; cur ar a gcumas páirt a ghlacadh i saol na
Gaeltachta agus cuidiú leo an litríocht agus an
cultúr Gaelach a chur chun cinn; ceangal caradais a bhunú
idir Gaeil na hÉireann agus a muintir thar lear agus
caidreamh idir na Gaeltachtaí a chothú.Bíonn
cúrsaí ar siúl idir mí an Mheithimh
agus mí Mheán Fómhair agus ag amanna eile
den bhliain chomh maith. Gach bliain tagann foghlaimeoirí
ó gach cearn den domhan chuig na cúrsaí.
Bíonn trí leibhéal ar a laghad i ngach
cúrsa agus leanann cúrsa ar feadh seachtaine de
ghnáth. Bíonn cúrsaí cultúrtha
ar fáil i gceol agus in amhránaíocht thraidisiúnta,
damhsa seite, seandálaíocht, siúlóidí
sléibhe, fíodóireacht agus péintéireacht.
Seoladh: Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na
nGall
Guthán: (074) 973 0248
Facs: (074) 973 0348
Ríomhphost: oidsgael@iol.ie
Suíomh gréasáin: www.oideas-gael.com
Áras Mháirtín Uí Chadhain
Is é Áras Mháirtín Uí Chadhain
ionad sealbhaithe agus buanaithe Gaeilge Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh, agus tá sé suite ar an gCeathrú
Rua i nGaeltacht Chonamara. Eagraítear ranganna Gaeilge
ann do dhaoine fásta, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh,
do mhúinteoirí agus do mhic léinn tríú
leibhéal. Tá gníomhaíochtaí
cultúrtha mar chuid de gach cúrsa - ceardlanna
damhsa agus amhránaíochta agus turais go dtí
áiteanna suimiúla sa cheantar. Eagraíonn
Áras Mháirtín Uí Chadhain cúrsaí
fada samhraidh freisin i staidéar Éireannach,
Gaeilge, T.E.F.L. agus scríbhneoireacht chruthaitheach.
Seoladh: Áras Mháirtín Uí Chadhain,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 595101/595038
Facs: (091) 595041
Ríomhphost: caitriona.uichualain@oegaillimh.ie
Suíomh gréasáin: www.gaeilge.oegaillimh.ie/aras_chadhain.html
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar chomhlacht
faoi choimirce Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne chun
aird a dhíriú ar ár n-oidhreacht - idir
theanga, stair, gheolaíocht, bhitheolaíocht, srl.
- agus le hiarracht ar leith a dhéanamh ar í a
chaomhnú agus a fhorbairt. Tá Oidhreacht Chorca
Dhuibhne suite i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí
agus chomh maith le ranganna Gaeilge, eagraíonn siad
ranganna le Gaeilge agus Oidhreacht (béaloideas, litríocht,
seandálaíocht, ceol agus rince na háite).
Seoladh: Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh,
Co. Chiarraí
Guthán: (066) 9156100
Facs: (066) 9156348
Ríomhphost: mus@cfcdteo.iol.ie
Idirlíon: www.corca-dhuibhne.com
Tá tuilleadh eolais le fáil ar cheantar Chorca
Dhuibhne ag:
www.dingle-peninsula.ie
An Chrannóg
Bhunaigh Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair An Chrannóg,
lárionad do shealbhú agus do bhuanú na
Gaeilge, i Meán Fómhair 1993. Is iad an dá
aidhm atá ag an gCrannóg ná an Ghaeilge
a mhúineadh d'fhoghlaimeoirí, agus í a
neartú agus a bhuanú i measc chainteoirí
dúchais Ghaoth Dobhair, ceantar láidir Gaeltachta.
Bíonn dianchúrsaí agus cúrsaí
oíche Gaeilge ar siúl go rialta do ghrúpaí
agus do dhaoine aonair agus tagann dreamanna chucu ó
eagrais stáit chun freastal ar shainchúrsaí.
Bíonn ranganna ar siúl ann ag trí leibhéal
cumais: bunleibhéal, meánleibhéal agus
ardleibhéal. Eagraítear ciorcal cainte d'fheabhsaitheoirí
Gaeilge chomh maith, rud a chuidíonn le daoine feabhas
a chur ar a líofacht chainte. Déanann siad an
Ghaeilge a neartú trí chúrsaí in
ábhair éagsúla, mar shampla cuntasaíocht,
eagrú agus bainistíocht gnó agus Gearmáinis,
a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Cuidíonn
cúrsaí mar seo le daoine áitiúla
cáilíochtaí oideachais tríú
leibhéal a bhaint amach.
Eagraítear imeachtaí cultúrtha sa Chrannóg
chomh maith, seimineáir scríbhneoireachta, seimineáir
litríochta, taispeántais ghrianghrafanna agus
oícheanta caidrimh. Tugann na himeachtaí seo deis
do phobal na háite a bheith rannpháirteach in
imeachtaí na Crannóige.
Bíonn cúrsaí Gaeilge ar siúl ag
an gCrannóg do dhaoine fásta i rith an tsamhraidh.
Tá ceangal déanta acu le grúpaí
atá ag foghlaim Gaeilge thar lear, i nGlaschú
na hAlban agus i Nua Eabhrac i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Seoladh: Srath na Corcra, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall
Guthán: (074) 953 2208
Facs: (074) 953 2189
Ríomhphost: eolas@Crannog.iol.ie
Idirlíon: www.crannog.ie
Comharchumann Ráth Cairn
Tá Gaeltacht Ráth Cairn suite i gContae na Mí
agus tá stair ar leith ag an gceantar. Mar chuid de scéim
a thionscain 'Muintir na Gaeltachta' agus Coimisiún na
Talún idir 1935 agus 1937, d'aistrigh 41 teaghlach ó
cheantair 'chúnga' i gConamara go bailte fearainn de
chuid Bhaile Átha Bhuí. D'fhág siad a dtithe
i gConamara ina ndiaidh agus tugadh teach nua do gach teaghlach,
in éineacht le 22 acra talún, stoc agus uirlisí.
Bhí struchtúr amháin acu i bpáirt
- Scoil Náisiúnta. Bhí Béarlóirí
mórthimpeall ar na lonnaitheoirí agus fágadh
fúthu féin forbairt mar phobal agus rinne siad
amhlaidh gan scaradh lena dteanga. Níor tugadh aitheantas
oifigiúil mar Ghaeltacht do Ráth Cairn go dtí
1967. Bunaíodh Comharchumann Ráth Cairn i 1973
chun gníomhaíochtaí forbartha sa cheantar
a phleanáil.
Eagraítear cúrsaí i Ráth Cairn do
dhéagóirí agus do mhic léinn tríú
leibhéal, cúrsaí deireadh seachtaine do
dhaoine fásta, cúrsaí atá saincheaptha
do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí ar
leith agus laethanta saoire cultúrtha (ranganna seite,
amhránaíocht, damhsa sean-nóis, céilithe,
turais agus cainteanna cultúrtha).
Seoladh: Comharchumann Ráth Cairn, Áras Uí
Ghramhnaigh, Baile Átha Buí, Co. na Mí
Guthán: (046) 32067
Facs: (046) 32381
Ríomhphost: Rathcairn@tinet.ie
Suíomh gréasáin: www.rathcairn.com/gaeilge/cursai.htm
Dáil Uladh
Cuireann Dáil Uladh na nithe seo a leanas ar fáil:
* Cúrsaí seachtaine sa Ghaeilge do theaghlaigh
* Dianchúrsaí sa Ghaeilge
* Ceardlanna Péintéireachta
* Rang Cócaireachta
* Siúl Sléibhe
* Cúrsaí Cultúrtha & Cruhaitheacha
* Ceardlanna Scéalaíochta
* Ceadlanna Deireadh Seachtaine sna Ceirdeanna Cruthaitheacha
* Ceardlanna i dTógáil Ballaí Cloiche
Seoladh: Coláiste Uladh, Gort an Choirce, Contae Dhún
na nGall
Guthán: (074) 916-5822
Ríomhphost: dailuladh@eircom.net
Suíomh gréasáin: www.dailuladh.com
Barr
an leathanaigh