| 
-
an Ghaeilge a chur chun cinn;
-
úsáid na Gaeilge a éascú
agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht
sa saol poiblí agus sa saol príobháideach
sa Deisceart, agus i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh
éileamh cuí ann;
-
comhairle a thabhairt don dá lucht
riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus
do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach
agus dheonach;
-
tionscadail tacaíochta a ghabháil
de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do
chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir
mar a mheasfar is gá;
- taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí
agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;
-
téarmaíocht agus foclóirí
a fhorbairt;
-
tacú le hoideachas trí mheán
na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.
Cuireann an Foras Teanga an uimhir 1850 325 325
ar fáil ar chostas glao áitiúil chun fiosruithe
ar aon ghné den Ghaeilge a fhreagairt
.
Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 639-8400 nó 1850 325 325
Facs: (01) 639-8401
Ríomhphost: eolas@forasnagaeilge.ie
Suíomh gréasáin: www.gaeilge.ie
Barr an leathanaigh
Comhdháil Náisiúnta
na Gaeilge
Is fóram í an Chomhdháil do na heagrais
Ghaeilge agus do chomhluadair eile sa phobal chun polasaí
agus gníomh ar son na Gaeilge a dheimhniú. Is
í aidhm na Comhdhála ná bá agus
tacaíocht don Ghaeilge a neartú agus a bhuanú
le go mbeidh sí á húsáid go forleathan
i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann. Tá
21 balleagras sa Chomhdháil a bhíonn ag plé
leis an nGaeilge i ngach gné den saol.
Seoladh: 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 679-4780
Facs: (01) 679-0214
Ríomhphost: eolas@comhdhail.ie
Suíomh gréasáin: www.comhdhail.ie
Barr an leathanaigh
Conradh na Gaeilge
Eagraíonn Conradh na Gaeilge ranganna Gaeilge ag leibhéil
éagsúla ina cheannáras ar Shráid
Fhearchair i mBaile Átha Cliath (tá eolas fúthu
ar suíomh gréasáin seo). Tá siopa
leabhar sa cheannáras chomh maith agus tá réimse
leathan leabhar Gaeilge ar díol ann. Foilsíonn
Clódhanna Teoranta, comhlacht foilsitheoireachta an Chonartha,
leabhair Ghaeilge agus iris mhíosúil darb ainm
Feasta.
Foilsítear tréimhseachán
dátheangach darb ainm CNAG go ráthúil freisin.
Is faoi choimirce an Chonartha a reáchtáiltear
An tOireachtas, féile náisiúnta na Gaeilge.
Feidhmíonn An Coimisiún le Rincí Gaelacha
faoi choimirce an Chonartha freisin agus tá ógeagraíocht
ag an gConradh darb ainm Ógras.
Seoladh: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 475-7401
Facs: (01) 475-7844
Ríomhphost: eolas@cnag.ie
Suíomh gréasáin: www.cnag.ie
Barr an leathanaigh
An Comhchoiste Réamhscolaíochta
Teo
Faigheann an Comhchoiste tacaíocht airgid ón stát
agus tá sé mar chúram air traenáil
agus acmhainní a chur ar fáil do ghrúpaí
réamhscolaíochta.
Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 639-8441 nó (01) 639-8442
Facs: (01) 639-8401
Ríomhphost: comhchoiste@eircom.net
Suíomh gréasáin: www.iol.ie/~foc/page32.html
Barr an leathanaigh
Gaelscoileanna
Is eagras náisiúnta deonach é Gaelscoileanna
a bunaíodh sa bhliain 1973 chun an t-oideachas lán-Ghaelach
a fhorbairt agus chun an Ghaeilge féin i gcúrsaí
oideachais a chosaint agus a neartú. Tá sé
mar aidhm ag Gaelscoileanna tacaíocht agus cabhair a
thabhairt do na scoileanna lán-Ghaeilge, chun fadhbanna
a réiteach agus chun iad féin a fhorbairt.
Cuireann an t-eagras eolas, cabhair, tacaíocht agus comhairle
ar fáil do thuismitheoirí ar mian leo scoileanna
lán-Ghaeilge a bhunú nó scoil a fhorbairt
mar Ghaelscoil. Déanann Gaelscoileanna idirghabháil
idir an Roinn Oideachais agus na scoileanna lán-Ghaeilge,
eagraíonn siad cúrsaí oiliúna do
Bhoird Bhainistíochta agus cúrsaí inseirbhíse
do mhúinteoirí agus tacaíonn le scoileanna
lán-Ghaeilge chun comhimeachtaí a reáchtáil
eatarthu féin. Foilsíonn Gaelscoileanna iris na
heagraíochta dhá uair in aghaidh na bliana.
Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Guthán: (01) 639-8430 nó (01) 639-8431
Facs: (01) 639-8401
Ríomhphost: oifig@gaelscoileanna.ie
Suíomh gréasáin: www.gaelscoileanna.ie
Barr an leathanaigh
Glór na nGael
Is comórtas bliantúil é seo a bhfuil sé
mar aidhm aige pobail a spreagadh leis an nGaeilge a chur chun
cinn. Bíonn coiste áitiúil ann a mbíonn
eagraíochtaí teanga agus cultúrtha páirteach
ann, agus eagraítear cúrsaí, grúpaí
comhrá agus gníomhaíochtaí eile
le húsáid na Gaeilge a spreagadh sa phobal. Tá
thart faoi 140 coiste áitiúil ann ar fud na tíre.
Seoladh: Glór na nGael Teo., 32 Lána Herbert,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 644-7600
Facs: (01) 678-8752
Ríomhphost: fiosru@glornangael.ie
Suíomh gréasáin: www.glornangael.ie
Barr an leathanaigh
Gael Linn
Fondúireacht náisiúnta í Gael Linn
a bhfuil mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus oidhreacht
dhúchas na hÉireann a neartú agus a leathnú.
Le breis is 35 bliana, tá Gael Linn i mbun ceannródaíochta
ar mhaithe le forbairt na hÉireann, go háirithe
i gcur chun cinn na Gaeilge, an cheoil dhúchais agus
na n-ealaíon i gcoitinne agus i bhfeabhsú gnéithe
de shaol sóisialta agus eacnamaíochta na tíre,
thuaidh agus theas, go speisialta sa Ghaeltacht.
Is iad seo a phríomhaidhmeanna:
-
An Ghaeilge a chur in uachtar arís
mar phríomhtheanga i ngach gné de shaol na hÉireann.
-
Forbairt a dhéanamh ar chúrsaí
oideachais, cultúir agus geilleagair na tíre.
-
Slí bheatha a chur ar fáil do
mhuintir na hÉireann ina dtír féin agus
go háirithe do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine
eile le Gaeilge.
-
Óige na hÉireann a spreagadh
chun a n-oidhreacht dúchais féin a shaothrú,
chomh maith le athshealbh a ghlacadh ar a n-oidhreacht Eorpach.
Tá obair ríthábhachtach déanta
ag Gael Linn go háirithe i measc na n-óg. An léiriú
is fearr air seo ná an fhéile ealaíon bhliantúil
Slógadh. Cuireadh an fhéile ar bun i 1969/70 agus
ghlac suas le 30,000 duine páirt inti gach bliain. I
measc na n-iarbhuaiteoirí cailiúla tá Clannad
agus Liam Ó Maonlaí ón rocghrúpa
Hothouse Flowers.
Bíonn go leor imeachtaí ar siúl ag Gael
Linn i rith na bliana, cúrsaí Gaeilge agus sainchúrsaí
gairme do dhaoine fásta, cuir i gcás, comórtas
díospóireachta iar-bhunscoile agus 3ú leibhéal
agus tráth na gceist d'ardranganna bunscoile agus do
dhaoine fásta. Lena chois sin, bíonn earraí
ar díol acu, mar shampla, ceol ar caiséad agus
ar dlúthdhioscaí, earraí lámhchniotáilte
agus leabhair.
Is fiú cuairt a thabhairt ar thionscadal nua Ghael-Linn,
an caifé Gaelach Trí-D ag 3 Sráid Dásain.
I samhradh na bliana 2004 d’fhoilsigh Gael Linn Seoltaí
Séidte mar chuid dá chomóradh 50 bliain.
Is éard atá sa phacáiste seo ná
dhá dhlúthdhiosca de cheol a cuireadh amach ar
cheirníní 78 csn i mblianta tosaigh an chomhlachta.
Chomh maith leis na dioscaí, tá leabhar ina bhfuil
eolas cuimsitheach faoi na hamhránaithe agus na ceoltóirí
agus focal na n-amhrán mar chuid den phacáiste.
Seoladh: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha
Cliath 2
Guthán: (01) 675-1200
Facs: (01) 676-7030
Ríomhphost: eolas@gael-linn.ie
Suíomh gréasáin: www.gael-linn.ie
Barr an leathanaigh
Muintir Chrónáin
Bhunaigh grúpa daoine ar spéis leo an teanga agus
an cultúr Gaelach Muintir Chrónáin in 1972
chun gnéithe den Ghaeilge agus den chultúr a fhorbairt.
Tá an eagraíocht lonnaithe in Áras Chrónáin
i mbaile Chluain Dolcáin, in Iarthar Chontae Bhaile Átha
Cliath. Ionad Cultúrtha é Áras Chrónáin
a n-eagraítear réimse leathan imeachtaí
cultúrtha, sóisialta agus oideachasúla
ann.
I measc na seirbhísí atá ar fáil
san ionad tá ranganna Gaeilge (is féidir clárú
trí fhoirm a fháil ar an suíomh idirlín);
ciorcail chomhrá; seisiúin cheoil agus seirbhís
chomhairleach dóibh siúd ar mian leo Gaeilge a
úsáid ina ngnó (fógraí, comharthaíocht,
cártaí gnó, stáiseanóireacht
srl.).
Tá seomraí nua san Ionad freisin agus is féidir
iad a úsáid chun leabhair a sheoladh, agus le
haghaidh taispeántas, ceolchoirmeacha agus cúrsaí
traenála.
Seoladh: Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin,
Baile Átha Cliath 22.
Guthán: (01) 457-4847
Facs: (01) 457-4847
Ríomhphost: brian@araschronain.com
Suíomh gréasáin: www.araschronain.com
Barr an leathanaigh
Comhluadar
Bunaíodh an eagraíocht Comhluadar i 1994 le tacaíocht
a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt
lena gcuid páistí. Tá teaghlaigh á
gclárú ag Comhluadar chun grúpaí
áitiúla a bhunú ar fud na tíre.
Cuireann Comhluadar réimse leathan seirbhísí
tacaíochta ar fáil: tugtar eolas do thuismitheoirí
agus treoraítear iad i dtreo na bhfoinsí cuí
eolais; tugtar deis do theaghlaigh aithne a chur ar theaghlaigh
eile ina gceantar atá ag tógáil a gclainne
le Gaeilge; eagraítear imeachtaí sóisialta
mar chóisirí, cheardlanna, thurais, thaispeántais,
srl.
Seoladh: Comhluadar, 7 Sráid Lombard Thoir, Baile Átha
Cliath 2
Guthán: (01) 671-5116
Facs: (01) 671-0477
Ríomhphost: eolas@comhluadar.ie
Suíomh gréasáin: www.comhluadar.ie
Barr an leathanaigh
|
|