English version here
An Ghaeilge:
An tIdirlíon agus Ríomhaireacht
Tá liosta cuimsitheach de na suímh
ghréasáin Ghaeilge le fáil ar an dá
shuíomh seo:.
An tEolaire, 'Leathanaigh Bhuí na Gaeilge'
www.egt.ie/lghlin/eolaire.html
Gaeilge ar an Ghréasán
www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/gaeilge.html
Gaelport
Suíomh cuimsitheach de chuid Chomhdháil Náisiúnta
na Gaeilge ar a bhfuil eolas faoi imeachtaí i saol na
Gaeilge. Is féidir leat clárú anseo don
nuachtlitir a sheolann an Chomhdháil amach gach coicís.
Tá fáil ar Gaelport ag: www.gaelport.com
Seoladh: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge,
46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 679 4780
Facs: (01) 679 0214
Ríomhphost: eolas@gaelport.com
Gaelic-L
Tá liostaí ríomhphoist ann do dhaoine atá
ar bheagán Gaeilge (Gaelic-B) agus dóibh siúd
a bhfuil Gaeilge níos líofa acu (Gaelic-L). Scríobhann
daoine atá páirteach sna grúpaí
seo teachtaireachtaí chuig a chéile agus bíonn
eolas le fáil sna teachtaireachtaí a sheoltar
faoi nith e atá ag tarlú sa Ghaeilge. Tá
Gaelic-L agus Gaelic-B le fáil ag: www.smo.uhi.ac.uk/liosta
Intercelt
Tá móran eolais ar an suíomh seo faoi laethanta
saoire agus imeachtaí cultúrtha in Éirinn
a bhfuil baint acu leis an teanga agus leis an gcultúr
Gaelach. Tugtar eolas ann faoi réimse leathan toipicí:
foghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal i mBaile Átha
Cliath agus ar fud na tíre; ceol; féiltí
cultúrtha; logainmneacha; sloinnte; amhránaíocht
agus rince. Tá clár plé ann freisin inar
féidir leat do chuid tuairimí a thabhairt agus
is féidir eolas a fháil in iris mhíosúil
freisin. Is féidir teacht ar Intercelt ag www.intercelt.com/
EGT
Comhlacht foilsitheoireachta agus ríomhaireachta é
EGT, atá ag cur tacaíochta ar fáil do lucht
mionteangacha ó 1990 i leith. Tá Gaeilge curtha
ag an gcomhlacht ar earra bog Apple Macintosh (tá gach
rud a fheiceann tú ar an scáileán as Gaeilge,
orduithe, teachtaireachtaí earráide agus cabhair
ar líne san áireamh); Claris Works 4.0 agus MacWrite
Pro 1.5GÉv3. Tá fáil ar earra bog Claris
EGT ó ghnáthdhíoltóirí Apple.
Tá fáil ar chlóanna Gaelacha ó EGT
freisin, clófhoirne Oghaim san áireamh. Tá
cluichí ríomhaireachta as Gaeilge le fáil
uathu freisin (is féidir iad a fheiceáil ar an
suíomh idirlín thíos).
Seoladh: 15 Port Chaeimhghein Íochtarach, Baile Átha
Cliath 2
Ríomhphost: everson@egt.ie
Suíomh gréasáin: www.egt.ie
Fios Feasa
Bunaíodh Fios Feasa i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i 1997
chun earraí ilmheánacha a sholáthar a chuirfeadh
cultúr agus teanga na hÉireann i láthair
ag baint úsáide as an teicneolaíocht is
déanaí.
Seo thíos cuid de na dlúthdhioscaí atá
curtha ar fáil ag an gcomhlacht - is féidir iad
a ordú ar an suíomh idirlín.
Seoladh: Maitias Mac Cárthaigh, Eastát
Tionsclaíochta Bhaile na Buaile, An Daingean, Co. Chiarraí
Guthán: (066) 915 2465
Facs: (066) 915 2492
Ríomhphost: post@fiosfeasa.com
Suíomh gréasáin: www.fiosfeasa.com
An Fáinne Órga
Seo liosta de nascanna chuig leathanaigh lín Ghaeilge
agus is féidir le haon dream le leathanach lín
Gaeilge nasc a chruthú leis an suíomh. Is féidir
teacht ar an suíomh ag: www.fainne.org
Barr
an leathanaigh