Seirbhís téacs
Is féidir leat eolas a fháil faoi imeachtaí Sult anois ar do ghuthán póca. Chun clárú don tseirbhís seo, seol an focal GAEILGE chuig an uimhir 53030. Cosnaíonn sé 30 cent é seo a dhéanamh ach níl aon chostas ar an tseirbhís ina dhiaidh sin.


Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta
Tá ranganna Gaeilge á dtairiscint ag Gaelchultúr Teoranta i mBaile Átha Cliath an fómhar seo arís. Tá eolas le fáil sa rannóg Ranganna ar an suíomh seo nó ag www.gaelchultur.com.


Liosta ríomhphoist Gaelchultúr

Más mian leatsa clárú do liosta ríomhphoist Gaelchultúr agus teachtaireacht a fháil gach coicís ina bhfuil eolas faoi na himeachtaí a bheas á reáchtáil ag an chomhlacht, tabhair cuairt ar www.gaelchultur.com.


Ranganna damhsa

Más mian leatsa damhsa Gaelach a fhoghlaim, seo do sheans! Tá ranganna á dtairiscint faoi láthair i dteach tábhairne an Cobblestone, Margadh na Feirme (Smithfield) in aice le lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Tuilleadh eolais: Mary Beth (086) 159-4140; irishdanceforall@yahoo.com; www.irishdanceforall.com

Abhaile