English version here
Ranganna Gaeilge, Meán
Fómhair 2007
Tá Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com)
ag reáchtáil na ranganna anois a bhíodh
á stiúradh ag Sult. Tá Gaelchultúr
ag tairiscint ranganna ag suas le sé leibhéal,
tri huaire sa bhliain:
Cúrsa A: Meán Fómhair -
Samhain
Cúrsa B: Feabhra - Aibreán
Cúrsa C: i rith an tsamhraidh
Is é Éamonn Ó Dónaill MA stiúrthóir
na gcúrsaí. Tá Éamonn ag múineadh
le breis is fiche bliain anuas agus tá leabhair scríofa
aige do lucht múinte na Gaeilge agus d'fhoghlaimeoirí
na teanga, na cúrsaí ilmheán Turas
Teanga agus Now You're Talking agus an leabhar
gramadaí Teach Yourself Irish Grammar, a foilsíodh
i mí Mheán Fómhair 2005, ina measc.
Seo thíos tuilleadh eolais faoin gcéad
chúrsa eile.
Cathain a bheidh an cúrsa ar siúl?
Tosóidh sé ar an 17 Meán Fómhair
2007 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí
tús mhí na Nollag, 2007.
Cé mhéad leibhéal
a bheas ann?
Sé leibhéal a bheas i gceist: bunrang 1, bunrang
2, meánrang 1, meánrang 2, ardrang agus rang cruinnis.
Cén fhad a mhairfidh gach rang
agus an cúrsa?
Déanfaidh rannpháirtithe freastal ar rang dhá
uair an chloig, oíche sa tseachtain, ar feadh dhá
sheachtain déag. Ceithre huaire is fiche de theagasc
a bheas i gceist ar fad sa chúrsa, mar sin.
Cad iad na hoícheanta den tseachtain
a bheas i gceist?
Bunrang 1: Dé Luain
Bunrang 2: Dé Máirt
Meánrang 1: Dé Luain, Dé Máirt nó
Dé Céadaoin
Meánrang 2: Dé Luain
Ardrang: Dé Máirt
Rang Cruinnis: Dé Céadaoin
Cén t-am a bheidh na ranganna ar
siúl?
Beidh siad ar siúl idir 7.00 - 9.00 p.m.
Cé mhéad a chosnóidh
an cúrsa?
Cosnóidh an cúrsa 24 huaire €240.
Cén áit a mbeidh na ranganna
ar siúl?
Beidh na ranganna á reáchtáil i gceanncheathrú
nua Gaelchultúr in ionad Filmbase i lár Bharra
an Teampaill, Baile Átha Cliath. Tá an t-ionad
lonnaithe os comhair an Temple Bar Music Centre ar an gCuarshráid.
Tá léarscáil le fáil anseo.
Cén cur chuige múinteoireachta
a úsáidfear?
Bainfear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach
sna ranganna go léir. Beidh obair bheirte agus obair
ghrúpa i gceist go leanúnach, rud a thabharfaidh
deis do na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh
ar an méid a bheas múinte dóibh. Múinfear
teanga úsáideach laethúil agus díreofar
ar thoipicí suimiúla atá i mbéal
an phobail. Beidh an bhéim ar labhairt agus ar éisteacht
den chuid is mó sna ranganna ar fad, seachas sa rang
cruinnis.
Leibhéil
Bunrang 1 (Ab initio)
Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine nach
bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil
acu ach cúpla focal nó frása. Ní
bheidh an rang seo oiriúnach dóibh siúd
a d’fhreastail ar bhunrang eile le déanaí
nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil.
Beidh an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus
éisteachta agus déanfar an ghramadach a mhúineadh
i gcomhthéacs den chuid is mó. Faoi dheireadh
an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis
foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gomhráite
bunúsacha laethúla, labhairt fúthu féin
agus a gcúlra, an obair atá ar bun acu, etc. Sa
chúrsa seo, leanfar an siollabas atá forbartha
ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má
Nuad do Theastas Eorpach na Gaeilge (cf. www.nuim.ie/language/irishexams.html).
Bunrang 2
Tá an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine
a d’fhreastail ar rang ag an mbunleibhéal cheana
féin nó atá ábalta cumarsáid
bhunúsach a dhéanamh sa Ghaeilge (beannú
do dhaoine agus iad féin a chur in aithne, mar shampla).
Ag tús an chúrsa, déanfar athchleachtadh
ar nithe a mhúintear sa bhunrang ach bogfar ar aghaidh
ina dhiaidh sin chuig toipicí nua nach bpléitear
leo ag an leibhéal níos isle. Beidh an bhéim
sa chúrsa seo chomh maith ar fhorbairt scileanna labhartha
agus éisteachta agus, arís, déanfar an
ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs de ghnáth.
Sa chúrsa seo, leanfar an siollabas atá forbartha
ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má
Nuad do Theastas Eorpach na Gaeilge (cf. www.nuim.ie/language/irishexams.html).
Meánrang 1
Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine a
rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, b’fhéidir
roinnt mhaith blianta ó shin, a thuigeann roinnt mhaith
den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu
ar í a úsáid le blianta beaga anuas. Múinfear
nithe bunúsacha ag tús an chúrsa ach leanfaidh
an rang ar aghaidh níos tapa ansin ná mar a leanfadh
rang ag leibhéal níos ísle. Beidh an bhéim
ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach
beidh deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh
agus a léamh ó am go chéile freisin. Múinfear
an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh
sí ag teastáil.
Meánrang 2
Tá an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine
a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu agus
a úsáideann í ó am go chéile
(go sóisialta, mar shampla). Beidh seans ag an duine
a dhéanfaidh freastal ar an rang áirithe seo cur
lena stór focal agus níos mó a fhoghlaim
faoi ghramadach na Gaeilge. Beidh an bhéim ar na scileanna
éagsúla teanga ach ar an éisteacht agus
ar an labhairt go háirithe.
Ardrang
Is rang é seo dóibh siúd a bhfuil Gaeilge
líofa go leor acu agus a bhfuil cúpla cúrsa
Gaeilge déanta acu cheana féin, b'fhéidir.
Beidh an bhéim ar labhairt agus ar éisteacht den
chuid is mó ach beidh léamh agus obair scríofa
i gceist ó am go chéile chomh maith. Díreofar
ag tús an chúrsa ar thopaicí a bhaineann
go dlúth le saol na bhfoghlaimeoirí (cúlra,
obair, caitheamh aimsire, etc.), ach tar éis cúpla
seachtain beidh an bhéim ar scéalta atá
i mbéal an phobail chomh maith.
Rang Cruinnis
Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine a
bhfuil Gaeilge labhartha an-mhaith acu ach ar mian leo gramadach
níos cruinne a bheith acu agus deis a fháil a
gcuid scileanna scríofa a fhorbairt. Bainfear úsáid
as sleachta as irisí agus nuachtáin agus as míreanna
ón raidió, agus beidh réimse leathan gníomhaíochtaí
i gceist sna ranganna. Beidh an rang áirithe seo an-oiriúnach
dóibh siúd atá ag obair trí mheán
na Gaeilge - iriseoirí, státseirbhísigh
agus múinteoirí, mar shampla.
Conas a chláróidh mé
do chúrsa?
Téigh chuig suíomh Gaelchultúr (www.gaelchultur.com),
déan bróisiúr na ranganna a íoslódáil,
líon an fhoirm iarratais agus seol í, mar aon
le táille an chúrsa, chuig an seoladh atá
tugtha. Beidh áis ar fáil ar an suíomh
i gceann cúpla mí a chuirfidh ar chumas daoine
clárú do chúrsa agus an táille a
íoc ar líne.
Is féidir leat clárú chomh maith in ionad
Gaelchultur i bhfoirgneamh Filmbase (leibhéal 2) le linn
uaireanta oifige. Ní mór glaoch ar (01) 675-3658
roimh ré chun coinne a dhéanamh, áfach.
Eolas breise
Tá eolas breise le fáil ach glaoch ar (01) 675-3658.
Is féidir scríobh chomh maith chuig an seoladh
eolas@gaelchultur.com
nó cuairt a thabhairt ar www.gaelchultur.com.