FXB
Castle Inn
Tá Sult ar siúl sa Bull and Castle (nó
The Castle Inn, mar a tugadh air roimhe seo), Teampall
Chríost, ó cuireadh tús leis an chlub
i mí Dheireadh Fómhair 1999.
Tá an teach tábhairne sin lonnaithe i bhfoirgneamh
atá thar a bheith stairiúil, foirgneamh
inar chónaigh filí agus baill den chléir
ag amanna difriúla trí na haoiseanna. Sna
1600í bhí sé i seilbh mhuintir Usher
agus ceapadh duine den teaghlach sin ina Ardeaspag ar
Ard Mhacha níos déanaí. I 1750, bhí
teach pórtair ag seanathair an fhile Éireannaigh
James Mangan ansin agus deirtear go raibh sé ar
cheann de na chéad tábhairní i mBaile
Átha Cliath a raibh Guinness ar díol ann.
Lenár linn féin, tá cáil
fós ar an Bull and Castle mar áit fhileata.
Sna 1960í, mar shampla, bhí clú na
mbailéad ar an tábhairne agus sheinn go
leor amhránaithe agus ceoltóirí mór
le rá san áit, leithéidí Paddy
Reilly, The Emmet Spiceland, The Young Folk, agus The
Dubliners.
Tá sé oiriúnach go maith go mbeadh
The Bull and Castle, áit a bhfuil oidhreacht chomh
sainiúil sin agus stair chomh fada sin aici, anois
mar chuid de thraidisiún eile – bialanna
bia mhara agus stéige FXB. Tá cáil
ar an chomhlacht seo as bia agus seirbhís den chéad
scoth a chur ar fáil agus is féidir taitneamh
a bhaint as an dá rud sin anois sa teach tábhairne
oidhreachta seo ina bhfuil téama meánaoiseach.
Bain sult as an atmaisféar cairdiúil, as
na seisiúin bheo bailéad agus as stéig
agus bia mara a bhfuil neart duaiseanna bainte acu, agus
pionta den phórtar dubh i do ghlaic agat, i gceartlár
chathair ársa Bhaile Átha Cliath.
The Bull and Castle - ''Bia den scoth i gcroílár
na cathrach''
Seoladh: The Bull and Castle, Teampall Chríost,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 475.1122
Facs: (01) 478.0663
Ríomhphost: castleinn@fxbrestaurants.com
Idirlíon: http://www.fxbrestaurants.com/cindex.html
|